GAILEARAÍ: Níorbh é lá na gaoithe lá na seolta ag Cruinniú na mBád i gCinn Mhara

Bhí díomá ar na sluaite a d'fhreastail ar Fhéile Chinn Mhara ag an deireadh seachtaine nuair a cuireadh rásaí na mbád ar ceal Dé Domhnaigh. Ach iadsan a d'fhan nó a d'fhill ar an mbaile maidin Dé Luain fuair siad lán na súl nuair a chroch na báid a seolta agus an ghrian ag taitneamh. Pictiúir ón Domhnach agus an Luan Pic: Seán Ó Mainnín

Ag tabhairt na móna abhaile a tháínig ar bhord na huicéirí
An mhóin curtha i dtír ag na húicéirí

 

An tAthair Antaine Ó Catháin, Mainistir Gleann Stáil, ag ullmhú d'aifreann na Féile
An tAthair Antaine Ó Catháin, Mainistir Ghleann Stáil, ag ullmhú d’aifreann na Féile

 

Buachaill agus cailíní altóra Ruairí Carney, Eimear Bergin agus Éadaoin Quinn
Friothálaithe an aifrinn, Ruairí Carney, Eimear Bergin agus Éadaoin Quinn

 

Moilleadóir ag teacht chuig an aifreann
Tá sé beagán deireanach ag an aifreann

 

An tAthair Ó Catháin agus an tAthair Proinnsias Ó Lorcáin ag beannú na mbád
An tAthair Ó Catháin agus an tAthair Proinnsias Ó Lorcáin ag beannú na mbád

 

Bádóirí ag an bhFéile
Bádóirí ag an bhFéile

 

Antain Ó Flatharta agus Macdara Ó Maoláin, Inis Mór, ar chuimhin leo go maith na báid mhóra ag teacht go hÁrainn le móin le linn a n-óige
Antain Ó Flatharta agus Macdara Ó Maoláin, Inis Mór, ar cuimhin leo go maith na báid mhóra ag tabhairt na móna go hÁrainn le linn a n-óige

 

Macdara agus Antain ag féachaint ar na báid
Macdara agus Antain ar bhóithrín na smaointe agus iad ag féachaint ar na báid

 

Beirt saorbhád ó Oileáin Fharó, Michael Müller agus Andras Nielasen a ghlac páirt sa bhFéíle lena leathbhadóír Donncha Ó hÉallaithe
Beirt saortha bád ó Na Scigirí, Michael Müller agus Andras Nielasen a ghlac páirt sa bhFéile lena leathbhádóir as Conamara Donncha Ó hÉallaithe

 

Margo, Danny agus Paul Bailey, chun tosaigh. Ar dheis tá Mary Frain
Margo, Danny agus Paul Bailey in éineacht le Mary Frain

 

Phil Ní Mhaoláin agus Sailí Ní Dhroighneáin
Phil Ní Mhaoláin agus Sailí Ní Dhroighneáin a chas ag aifreann na Féile

 

Donna Donoghue, Lucy O'Halloran (Ard Raithin) , Ryan, Riley agus Erin Donoghue, Creachmhaoil
Donna Donoghue agus Lucy O’Halloran, Ard Raithin agus Ryan, Riley agus Erin Donoghue, Creachmhaoil

 

Na báid amuigh ar chuan Chinn Mhara
Maidin Luain agus an ghrian ag taitneamh ar na báid i gcuan Chinn Mhara

 

An "Nóra Bheag" sa bhaile
An Nóra Bheag ag ceann cúrsa

 

Corréisc gan aird ar an gcruinniú bád
Corr réisc ag crochadh a seolta féin

 

An gleoiteog "Honorah" ar as Cinn Mhara í féin
Honorah, gleoiteog as  Cinn Mhara, ar a dúchas

 

Gleoiteogaí ar do thairseach
Gleoiteoga i mbéal an dorais ag muintir Chinn Mhara

 

Mari Kalliu, An Fhionlainn agus Michael Coleman, Bóthar na Trá
Mari Kalliu, An Fhionlainn agus Michael Coleman, Bóthar na Trá

 

Ann Halonen, An Fhionlainn; Livvy Sawyer, Baile Locha Riabhach agus Rol Kachchhi, Cinn Mhara
Anu Halonen, An Fhionlainn; Livvy Sawyer, Baile Locha Riach agus Roz Kachchhi, Cinn Mhara

 

Izza May, Fe Case agus Judy Hanna, Cinn Mhara
Izza May, Fe Case agus Judy Hanna, Cinn Mhara

 

 

An "Blackbird" gar don bhaile
An Blackbird ag tabhairt faoin mbaile

 

Caisleán Dhún Ghuaire go sollúnta trasna
Súil ar an gcuan ag Caisleán Dhún Guaire

 

Tús le rás na ngleoiteogaí móra
As go brách leo. Geallta na ngleoiteoga móra tosaithe