GAILEARAÍ: Laochra na hiomána, ‘Liam Mac Cárthaigh’ agus John agus Joe Ó Conghaile i láthair ag Rás Inis Iron Meáin

Ba iad na réalta iomána Joe agus John Connolly na haíonna speisialta ag seoladh rás Inis Iron Meáin. Ghlac os cionn 300 duine páirt sa rás ar son iar-bhunscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin, ag an deireadh seachtaine. Pictiúir:Seán Ó Mainnín

Ar an róidín

 

Trasna na dtonnta go hInis Meáin: John agus Joe Ó Conghaile agus an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Hildegarde Naughton

 

Corn Mhic Cárthaigh agus cé Inis Meáin bainte amach aige

 

Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Coláiste Naomh Eoin ag cur fáilte roimh Liam, Joe agus John

 

Dan agus Jennifer Ní Dhomhnaill agus Órnaith Nic Leoid

 

Emma Ryan, Katie Bell, Anna O’Gorman agus Karen Burke

 

Michelle Brett agus a máthair Rita O’Dwyer Brett

 

Gerry Kealy agus a iníon Méabh a bhfuil geansaí a máthar Eithne á chaitheamh aici. Chas Gerry agus Eithne le chéile ag rás 2008. Phós siad ó shin agus tá beirt chlainne orthu

 

Michelle Ní Mhuircheartaigh agus Katie Moffitt

 

 Darragh Mulligan, Gráinne Kavanagh, Brian Burke agus Nicola Ruddy

 

Martina Ní Chéidigh, Martina Ní Dhroighneáin agus Féilim Borland

 

Keith, Andrew agus Winston Walter as Meiriceá

 

Tomás, Orla agus Tom Mac Pháidín

 

Réidh le rith!

 

Ar aghaidh leo

 

Ar aghaidh le lucht an 10k

 

Agus lucht an 5k…

 

Ag bualadh bóthair

 

An rás faoi lán seoil

 

Síos le fána…

 

Is mór an spórt a bheith ag breathnú orthu

 

An bhearna ag méadú

 

Ar Cheann Gainimh

 

Iad scoite amach ar Cheann Gainimh

 

Giorraíonn beirt bóthar

 

I measc na gcloch

 

‘Táim fós ar an mbóthar!’

 

Bealach taistil níos éasca!

 

Ach cén fíbín atá ar chor ar bith orthu!

 

Tá Michelle Ní Mhuircheartaigh sásta agus í ag déanamh ar cheann scríbe 

 

Caelán Cullen Quinn agus Áine Ní Chonghaola  ina diaidh aniar

 

Ar chúl an tí!

 

Tomás Ó Conghaile agus an beart déanta aige

 

Ríméad ar Dhara Ó Fátharta, Inis Meáin, agus deireadh an chúrsa bainte amach aige

 

John agus Joe Connolly  le buaiteor an rása 10k, an Garda Iain Ó Byrne, Teampall Mór

 

Joe agus John le Conghaileach buacach eile, Chloe, an cailín is óige as Árainn a chríochnaigh an rás

 

Garda an Uachtaráin. Gardaí atá faoi oiliúint sa Teampall Mór ag tabhairt aire do Chorn Liam Mhic Cárthaigh, do  Chorn Scéala Éireann agus d’Uachtarán nuathofa Oireachtas na Gaeilge, Máirín Uí Chonghaile, arb as Inis Meáin í féin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Laochra na hiomána, ‘Liam Mac Cárthaigh’ agus John agus Joe Ó Conghaile i láthair ag Rás Inis Iron Meáin'