GAILEARAÍ: Dhá mhol gTeic oscailte ag Aire Stáit na Gaeltachta ar a chamchuairt i nGaeltacht na Gaillimhe

D'oscail Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers dhá mhol gTeic i gCorr na Móna agus in Árainn ar a chamchuairt dhá lá i nGaeltacht na Gaillimhe le déanaí. Thug sé cuairt chomh maith ar Ionad na nImirceach i gCarna agus d'oscail togra fuinnimh in-athnuaite de chuid Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta i gTeic Chorr na Móna

 

gTeic Chorr na Móna, lá a oscailte, Déardaoin

 

Ribín gTeic Chorr na Móna gearrtha ag an Aire Chambers

 

Áine Uí Chuív agus Seán Breathnach, leasChathaoirleach Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo

 

Gearoid Ó Fatharta, Bainisteoir Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo, agus an file Art Ó Súilleabháin

 

An Comhairleoir Gerry King; an Comhairleoir Eileen Mannion, leaschathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; Seosamh Ó Laoi, bord Údarás na Gaeltachta agus Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga an Údaráis

 

Tony Ó Cadhain, Stiofán Seoighe, Oifigeach Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh, agus Marie Uí Ghiobúin

 

Mairtín Ó Conaola, Uan Sléibhe Chonamara, agus Seán Ó Cionnaigh, Cathaoirleach Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach

 

Judy Uí Chadhain lena mac, Rian, agus a hiníon, Saoirse

 

Walter Holleran agus Trish Walsh, An Fhairche

 

Gráinne Ní hAllmhúráin, Máire de Carraig agus Áine Ní Chiarragáin

 

Anna de Búrca, Comharchumann Dhúiche Sheoighe agus Aisling Bhreathnach, Coiste Forbartha Chorr na Móna

 

An tAire Stáit Chambers le baill Choiste Forbartha Chorr na Móna, Aisling Bhreathnach, Tony Ó Cadhain agus Mary Burke O’Sullivan

 

Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna

 

Ionad na nImirceach oscailte ag an mbainisteoir, Mairtín Ó Catháin

 

Martina Uí Chuaig, Oifigeach Turasóireachta Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, ag bronnadh cóip den iris, Iorras Aithneach, agus saothar leis an ealaíontóir áitiúil Máirín Dowd ar an Aire Chambers

 

Joe Connolly agus a mhac Barry, a bhfuil rún acu drioglann Cnoc Buí a oscailt, leis an Aire Stáit Jack Chambers

 

Micheál Ó Cualáin, Seán Ó Cuirrín agus an Seanadóir Seán Kyne

 

An tAire Stáit Chambers le Mairtín Ó Catháin, Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna; an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an Comhairleoir Gerry King

 

Ronan Dolan, stiúrthóir le Alternative Energy, ag taispeáint cadhnraí d’Aire Stáit na Gaeltachta, ar cuid iad den togra Fotavoltach ag Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Tá Gníomhaíocht Fuinnimh Inathnuaite á forbairt i dtaca le hÚdarás na Gaeltachta agus an clár LEADER, trí Fhóram Chonamara CLG

 

Fáilte chroíúil roimh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ó scoláirí Choláiste Chiaráin, coláiste samhraidh ar an gCeathrú Rua

 

Córas fuinnimh in-athnuaite seolta i bhfoirgneamh an Chrompáin. Sa phictiúr leis an Aire Stáit tá Stiofán de Bhailís, Pádraic Ó Lochlainn agus Seán Ó Domhnaill, Comharchumann Forbartha Pobail Mhic Dara

 

Ionadaithe Chomharchumann Mhic Dara agus an tAire Stáit Jack Chambers, Seán Ó Domhnaill, bainisteoir, Tomás Mac Con Iomaire, rúnaí; Stiofán de Bhailís, cisteoir; Pádraic Ó Lochlainn, cathaoirleach, agus Mairtín Joe Ó Flatharta, Oifigeach Forbartha

 

Lucht Údarás na Gaeltachta agus Jack Chambers, Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga; Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Máire Mairéad Ní Bhiadha, Oifigeach Feidhmiúcháin, agus Seosamh Ó Laoi, ball den bhord

 

Le cé in Árainn

 

Ag bualadh le Garda an oileáin, an Garda Aidan Coughlan

 

gTeic Inis Mór a oscailte ag an Aire Stáit Chambers. Sa phictiúr chomh maith tá: Aodhán Mac Cormaic, Roinn na Gaeltachta; Seosamh Ó Laoi, Bord Údarás na Gaeltachta; an Seanadóir Seán Kyne, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Cathy Ní Ghoill, Laoise Ní Fhlaithearta, agus Micheál Ó Goill, Comharchumann Forbartha Árann

 

 

Cathy Ní Ghoill, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann

 

Micheál Ó Goill, Cathaoirleach an chomharchumainn

 

Mary Rodgers, Príomhfheidhmeannach Portershed na Gaillimhe, agus Breda Ní Dhomhnaill, Comharchumann Forbartha Árann

 

Anna Maria Kirrane, John Keating, Stiofán Ó hIarnáin agus Christina Uí Iarnáin

 

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Cathy Ní Ghoill, Comharchumann Forbartha Árann; Stiofán Ó hIarnáin, conraitheoir gTeic Inis Mór, agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Dhá mhol gTeic oscailte ag Aire Stáit na Gaeltachta ar a chamchuairt i nGaeltacht na Gaillimhe'

  • Seán Mac Súilleabhaáin

    Athraigh na Dlíthe i dtaobh na Gaeilge agus cruthaigh suim in aghaidh an chultúir Angla-Mheiriceánach in áit ag díol tuarastal agus ag cruthú scéimeanna faoin ‘Straitéis 20 Bliain na Gaeilge’ nach meallfadh daoine taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír.

    Mar shampla :—-

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Cóiriúil’ (Polaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise