GAILEARAÍ: Curaclam nua teicneolaíochta as Gaeilge seolta ag an Aire Stáit Seán Kyne i gceanncheathrú Google

Sheol an tAire Stáit Seán Kyne curaclam nua teicneolaíochta i gceanncheathrú Google i mBaile Átha Cliath inné. Rinneadh forbairt ar chlár TechSpace do bhunscoileanna trí chomhpháirtíocht idir Camara Education Ireland, Google.Org agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Jules Ní Chonchubhair, Oifigeach Oideachais STEAM, Marianne Checkley, Camara Ireland, an tAire Seán Kyne agus Shane Nolan, Google ag féachaint ar thaispeántas teicneolaíochta i gceanncheathrú Google, i mBaile Átha Cliath. “Cothaíonn an Eolaíocht Ríomhaireachta smaointeoireacht chruthaitheach chomh maith le cur le deiseanna gairme,” a dúirt Shane Nolan, Ceannasaí For-rochtana Pobail le Google Éire agus áthas air go bhfuil siad páirteach sa chlár

 

Taispeántas speisialta don Aire Seán Kyne ag Séamus Ó Fátharta, Comhordaitheoir chlár TechSpace. Sa phictiúr chomh maith tá Marianne Checkley, Príomhfheidhmeannach Camara Ireland

 

Jen Hesnan, Bainisteoir chlár TechSpace, ag cur tús leis an seoladh

 

Jules Ní Chonchubhair, Oifigeach Oideachais STEAM, ag cur TechSpace i láthair. Tá teacht níos fearr ar ábhar STEM as Gaeilge anois a bhuíochas don chomhpháirtíocht idir Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Muintearas agus Foróige

 

Séamus Ó Fátharta ag tabhairt cuntas ar aidhmeanna TechSpace agus an curaclam nua

 

Tá Google CS First, clár Eolaíocht Ríomhaireachta Google aistrithe go Gaeilge

 

An tAire Stáit Seán Kyne ar a chéad chuairt ar oifigí Google

 

An tAire Stáit féin agus múinteoirí bunscoile an-sásta leis an scéim phíolótach do bhunscoileanna

 

Ina lámh ag an Aire Seán Kyne, tá ‘PickleBot’ – róbat beag a rinneadh le priontáil thríphlánach. I dteannta an Aire, tá Jules Ní Chonchubhair, Oifigeach Oideachais STEAM, agus Shane Nolan, Google

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Curaclam nua teicneolaíochta as Gaeilge seolta ag an Aire Stáit Seán Kyne i gceanncheathrú Google'