GAILEARAÍ: Comórtas Gailf na Gaeilge agus Gaeltachta!

Tháinig galfairí ó chuile chearn den Ghaeltacht agus amuigh le chéile i dTobar Dhún Mhuire, Cill Dara, Dé Sathairn, le tús a chur le "Galf as Gaeilge". Bhí cluas ghéar ar ár ngrianghrafadóir, Seán Ó Mainnín, agus é ag éisteacht leis na canúintí éagsúla ar thaobh na bplásógaí

Eagraíodh an chéad tionól Gailf as Gaeilge ar an Satharn seo caite ar ghalfchúrsa Thobar Dhún Mhuire i gCill Dara. Is é Oireachtas na Gaeilge a d’eagraigh an ócáid le tacaíocht ó Sheán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Fionnán Ó hÓgáin, Captaen Club Cheann Sibéal. Fear eile a thug cabhair ná bainisteoir Thobar Dhún Mhuire féin, Seán Ó Gallchóir, as Gaoth Dobhair é féin. Tá cáil an ghailf ar Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, freisin agus bhí sé ina Chaptaen ar Chumann Ghalf Craddockstown (1993) agus in Oileáin Chonamara sa mbliain 2014.

Chláraigh foirne ó An Cheathrú Rua, Oileáin Chonamara, Doire Né, Ceantar na nOileán (2), Na Breathnaigh, Gaoth Dobhair, Bearna, Cúl Mhín (BÁC), Baile Brigín, Rath Chairn, Ceann Sibéal, Na Déise, Béal Feirste agus Gaelscoil Chill Dara. Bhí comórtas aonair ann chomh maith leis an gcomórtas foirne.

Tar éis coimhlint ghéar, ba le foireann Ghaoth Dobhair an lá. Baile Brigín a bhí sa dara háit, agus bhí Na Breathnaigh, Rath Cairn agus An Cheathrú Rua sna sála orthu.

Maidir leis an gcomórtas aonair, ba é an fear áitiúil, Seán Ó Gallchóir (7) le 36 pointe, a thug an lá leis.  Seán Ó Conchúir a tháinig sa dara háit, Eoin Daltún sa tríú háit agus Gearóid Willie Ó Fátharta taobh thiar de. Is í Ban-Chaptaen Oileáin Chonamara, Treasa Uí Chartúir, a thug léi duais na mBan.

Bhailigh an slua sa gClubtheach ina dhiaidh agus bhí seisiún ceoil den scoth ann le grúpa ó Dhún na nGall, ‘Na Fá Dú Da’s’, ag casadh. Bhain gach a raibh i láthair ardtaitneamh as an ócáid. Uachtarán an Oireachtais, Ray Mac Mánais, a bhronn na duaiseanna ag deireadh na hoíche.

Tá gach duine cinnte nach mbeidh ann ach fás agus méadú ar ‘Galf as Gaeilge 2016’.

Tuilleadh Pictiúr