GAILEARAÍ: Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne seaimpíní díospóireachta na hÉireann

Is iad Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil curaidh chraobh shinsir na hÉireann 2019. D'éirigh leo aréir i gcomórtas díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn in Óstán an County Arms, i mBiorra. Pobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean, a thug leo craobh na sóisear. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Curaidh na hÉireann, foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe, Siobhán Ní Neachtain, Aisling Ní Chonghaile agus Aoife Nic Dhonncha, a bhuaigh craobh shinsir Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn 2019. Bhí babhtaí ceannais an chomórtais ar siúl aréir i mBiorra in Uíbh Fháilí.

 

Na moltóirí: Ó chlé: Eoghan Mac Cormaic, Seán Mac Labhraí, Áine Hensey, Féilim Mac Donnchadha agus Íde Uí Uallacháin

 

Lucht tacaíochta na bhfoirne

 

Oisín Ó Coisdealbha, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal i mbun díospóireachta i gcraobh na sóisear. Ba é rún na sóisear ‘Tá cultúr na tíre seo slán sábháilte i lámha an aosa óig!’

 

Coláiste Eoin i mbun straitéise

 

Meadhbh Nic an Ultaigh, Pobalscoil Chorca Dhuibhne

 

Ríméad ar fhoireann  Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus an scéal faighte acu  gurbh iad a bhuaigh comórtas díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2019

 

Foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne, lena múinteoirí Ciara Ní Shé, ar chlé, agus Méabh Breathnach, ar dheis. Sa phictiúr chomh maith tá Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Ghael Linn, ar chlé, agus aoichainteoir na hoíche, Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

Curaidh na hÉireann! Páidí Mac Gearailt, Meadhbh Nic an Ultaigh agus Antaine Ó Séaghdha

 

Zoya Nic Eibhearáird, Coláiste Pobail Ráth Chairn réidh do dhíospóireacht na sinsear

 

Caoimhe Ní Thuathail, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

 

Focal ó chathaoirleach Ghael Linn, Pádhraic Ó Ciardha, ag deireadh an chomórtais

 

Focal comhairle do na daltaí ó Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh

 

Ríméad ar fhoireann Cholaiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus an toradh fógartha

 

Foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal,  in éineacht le hAntoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach Ghael Linn, a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh

 

An scéal scaipthe agus na glaonna comhghairdeachais ag teacht isteach

 

Foireann agus lucht tacaíochta Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag ceiliúradh le Príomhfheidhmeannach Ghael Linn Antoine Ó Coileáin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne seaimpíní díospóireachta na hÉireann'