Níor chuir an drochaimsir as don slua a bhí i láthair agus cloch chuimhneacháin á nochtadh do bheirt iascairí ag Céibh Bhearna, an Satharn seo caite, an-ghar don áit ar bádh iad 100 bliain ó shin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Seán Ó Fátharta, Eugene Greaney agus Seán Fagan ag leacht cuimhneacháin a seanathar agus a sin-seanathar
Níor choinnigh an bháisteach na gaolta agus na cairde ón searmanas cuimhneacháin ag céibh Bhearna
Margaret Fegan, ag cuimhneamh ar a sinsirAn staraí Cormac Ó Comhraí ag caint faoi Liam Ó Goill agus fear a iníne, Peadar Ó Fátharta, a bádh in aice láimhe i 1922
An saol in Éirinn agus i gConamara sna 1920idí agus an bheirt iascairí ag iarraidh saothrú a bhaint as an bhfarraige
Sliocht a sleachta ag nochtadh an leachta
Mairfidh a gcuimhne
An leacht ag céibh Bhearna
Grianghraif go leor á dtógáil
An tAthair Micheál Ó Braonáin ag beannú na cloiche
Tom O’Connor, Béal Átha na Sluaighe, ar dheis, garnia le Peadar Ó Fátharta, ag bualadh lena chol ceathrar Seán Fagan. Sa phictiúr chomh maith tá Peig Ferris, a deartháir Seán Ó Fátharta agus Eugene Greaney
Dedo (Peadar) Ó Fátharta, Jude Uí Chonaire, Peig Ferris agus Seán Ó Fátharta, clann Tommy an Phosta, mac Pheadair Uí Fhátharta; Eugene Greaney agus Seán Fagan, ag an leacht nua i gcuimhne a seanathar agus a sin-seanathar. Pic: Seán Ó Mainnín
William (Liam) Goill lena chlann
Peadar Ó Fátharta a chaith tamall sa gcabhlach
Steve Sweeney ar an bhfeadóg, Margaret Fegan, Michael and Mary Devane, Jude Uí Chonaire, Marty Faherty, Peig Ferris, Dedo Ó Fátharta, Morgan Ó Conghaile, Mary Fegan, agus Colm Seoighe ar an ngiotár
Tá fonn siúil ar an madra
Margaret Gannon, garneacht le Micil Frank Coyne a tháinig slán ón tubaiste agus Eileen Greaney
Gaolta le Liam agus Peadar: Marty Faherty, Tony Gill, Dorothy Gill agus sagart Bhearna, an tAthair Mícheál Ó Braonáin
Clúdach maith ón mbáisteach
Seán Fagan sa gcóta gorm agus a mhuintir. Róisín agus Colm Seoighe, a máthair Cáit Fagan, Bríd Fagan, an dealbhadóir Denis Goggin, Eugene Greaney, Peter Greaney agus John Greaney
Irial Ó Conaire, Siobhán, Ciara, Ailbhe, Cormac, Fintan, Sadhbh agus Jude Uí Chonaire, gariníon le Liam Ó Fátharta
Ann agus Robert Gill
Fionnuala and Patsy Hickey
I Reilig Bhearna, céad slat ón gcéibh, leag garmhac, Eugene Greaney bláthanna ar uaigh Pheadair agus Liam
Róisín Seoighe ag canadh in ómós dá sin-sin-seanathair agus dá sin-sin-sin-seanathair
Róisín Seoighe ag rá amhráin ag an uaigh
Faoi chumhdach na n-aingeal
Sheona O’Fegan, Peter O’Fegan, Ita Blower, Alice O’Fegan
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:Ok
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cloch chuimhneacháin i mBearna do bheirt iascairí a bádh 100 bliain ó shin'