GAILEARAÍ: Ceiliúradh mór sna hOileáin agus craobhacha peile buaite ag fir agus mná Naomh Anna Leitir Móir

Bhí cúis cheiliúrtha ag muintir Cheantar na nOileán nuair a d'éirigh le mná agus fir Naomh Anna, Leitir Móir, craobhacha an chontae a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Pictiúir ó Staid an Phiarsaigh le Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Seaimpíní Idirmheánacha na Gaillimhe. Ciarán Bairéad, captaen Naomh Anna, Leitir Móir,  agus Corn John Cotter á ardú aige

 

Paraic S Ó Ceallaigh, Naomh Anna, Leitir Móir

 

Éamonn Ó Loingsigh, Naomh Anna, Leitir Móir, ar ruathar aonair

 

Cic i dtreo an chúil ag Maitias Eoin Bairéad, Naomh Anna

 

Cúl! Maitias Eoin Bairéad ag ceiliúradh an scóir

 

Éamonn Ó Loingsigh ag tréaslú a chúil le Maitias Eoin

 

Dylan Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir ag déanamh ar an gcúl agus Padraig Costello, an Dún Mór Mhic Éil, sa tóir air

 

Éamonn Ó Loingsigh, Naomh Anna, ar an ionsaí

 

Oisín Mac Donnacha, Naomh Anna, sáinnithe sa trácht!

 

Seán Aindí Ó Ceallaigh ag cur Naomh Anna ar an ionsaí arís

 

Cén bealach is fearr? Warren Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir, idir dhá stól

 

San aer atá an comhrac

 

Duine de chosantóirí an Dúin Mhóir faoi bhrú

 

Iarla Ó Curraoin, Naomh Anna, Leitir Móir, ag iarraidh an liathróid a bhaint de Matthew Reddington, an Dún Mór

 

Sleaschéim ag Dylan Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir, agus é ag éalú ó Colin Lyons, an Dún Mór

 

Warren Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir

 

Greim docht ag Ciarán Bairéad, Naomh Anna, Leitir Móir, ar an liathróid

 

Evan Ó Flatharta, Naomh Anna, Leitir Móir

 

Ferdia Breathnach ag tabhairt droim lámha do líne chosanta an Dúin Mhóir

 

Ciarán Bairéad, Naomh Anna, Leitir Móir ar ruathar agus súil na dtosaithe air

 

An pheil ag déanamh ar an gcúl ó bhróg Chiarán Bairéad (as radharc)

 

Cúl scóráilte ag Ciarán Bairéad

 

Joe Gubbins agus Warren Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir, ag faire go géar ar an gcic amach sciobtha

 

Lucht leanta Naomh Anna, Leitir Móir ríméadach as an gcúl

 

Ní ghabhfaidh tú tharamsa!

 

Deis ag cúl báire an Dúin Mhóir, Conor Gleeson, cúilín an bhua a scóráil… ach ar seachrán a chuaigh an pheil

 

Joe Gubbins, Naomh Anna, Leitir Móir ag meá na ndeiseanna

 

An liathróid isteach i lámha Warren Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir, chuir sé idir na cuaillí í. Cúilín chun cinn.

 

Lúcháir ar Naomh Anna, Leitir Móir, ach briseadh croí don Dún Mór

 

An liathróid sciobtha ag Páraic S Ó Ceallaigh, Naomh Anna ó thosach an Dúin Mhóir, Shane McGrath, agus gan ach soicindí fágtha sa chluiche

 

An lá linn! An fheadóg dheiridh séidte

 

Is aoibhinn é an bua!

 

Ríméad ar fhir Naomh Anna

 

An roghnóir, Tommy Kelly, le Ciarán Bairéad, Páraic S Ó Ceallaigh agus Rónán Mac Donnacha

 

“Tá sé déanta againn.” Evan Ó Flatharta, Naomh Anna, Leitir Móir

 

Colm Óg Ó Conghaile, Rónán Mac Donnacha, Evan Ó Flatharta agus Páraic Mac an Rí

 

Joe Gubbins, Oisín Mac Donnacha agus Eoin Ó Fátharta

 

 

Ferdia Breathnach agus Éamonn Ó Loingsigh, beirt a bhí ag imirt nuair a bhuaigh Naomh Anna an Chraobh Idirmheánach in 2009

 

Eoin Ó Flatharta, Warren Seoige, Eoghan Ó Ceallaigh, Evan Ó Flatharta agus Éamonn Ó Loingsigh

 

Seaimpíní Naomh Anna, Leitir Móir

 

Duine de roghnóirí Naomh Anna, Patrick Mark Ó Fátharta, agus Páraic S Ó Ceallaigh

 

Seaimpíní Idirmheánacha na Gaillimhe. Ciarán Bairéad, captaen Naomh Anna, Leitir Móir, ag ardú Chorn John Cotter

 

Naomh Anna, Leitir Móir

 

Cathaoirleach Choiste Peile na Gaillimhe, Caoimhín Mac Fhlanncha agus an corn bronnta aige ar fhoireann Naomh Anna, Leitir Móir

 

Gaiscígh na nOileán

 

Bridie Ní Chonaomha, Micheál Ó Conghaile agus Máirtín Breathnach (captaen fhoireann Naomh Anna a bhuaigh Craobh Shóisir na Gaillimhe 1983) le bratach is mana an chumainn

 

Tine chnámh i mBéal a’ Daingin le fáilte mhór a chur roimh fhoireann Naomh Anna, Leitir Móir

 

Filleann na laochra. Corn John Cotter ar chamchuairt na nOileán

 

Beidh na gabhair á róstadh anocht!

 

Idir óg agus aosta ag baint taitneamh as an gceiliúradh

 

Bua fhoireann na mBan Naomh Anna i gCraobh an Iarthair á cheiliúradh chomh maith

 

Eanach Mheáin ag cur fáilte roimh na gaiscígh

 

Droichead Leitir Móir

 

Tá muintir na Ceathrún Rua iad féin ag ceiliúradh. Bhí Ciarán Ó Fátharta ina bhainisteoir ar Naomh Anna, Leitir Móir nuair a bhuaigh siad an Chraobh Idirmheánach an uair dheiridh in 2009. Tá Ciarán anseo sa Chistin lena iníon, Muireann, Michael Larkin agus Aodán Ó Sé

 

Lucht leanta Naomh Anna roimh an gcluiche: Eleanor, Annie agus Fainche Ní Cheallaigh agus Aebhin Seoige ar dheis

 

Mairéad Ní Fheinneadh agus a mac Liam Seoighe

 

Pádraic Óg Ó Feinneadha, Chantel agus Vanessa Ní Fheinneadha

 

Leanne, Anna agus Rachel Seoige

 

Aoibhín Nic Dhonnacha, Cian Mac Donnacha agus Síofra Nic Dhonnacha

 

Céilinn, Lucy agus Éabha Ní Fhlatharta

 

Katie Ní Fhlatharta, Tina Uí Fhlatharta agus Breda Uí Fhlatharta

 

Áine Bairéad agus Aanika Coberly

 

Sinéad agus Niamh Ní Ghionnáin

 

Delia Ní Ghríofa, Evan Ó Gríofa, Mary Ann agus Maitias Bairéad

 

Maebh Ní Chonfhaola agus Aisling Ní Fhiannaigh

 

Máirín Ní Fheinneadha agus a mac Cillian; Fionn agus Suzanne Ní Lochlainn

 

Philomena Ní Fhlatharta agus Máire Phateen Ní Chonghaile

 

Sarah agus Jessica Ní Fhlatharta lena ndaideo, Martin Mháirtín Mhicil Ó Flatharta

 

Ella óg ar chlé, Máirtín, athair Éamoinn Uí Loingsigh, agus Eilís Nic Dhonnacha agus Finn, an buachaill óg

 

Ornaith Nic Leoid, Róisín Nic Leoid, Cathaoirleach, agus Mary Ní Loingsigh, Rúnaí, Cumann Naomh Anna, Leitir Móir

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ceiliúradh mór sna hOileáin agus craobhacha peile buaite ag fir agus mná Naomh Anna Leitir Móir'

  • Coleman barrett

    Clara ní hici agus ciaran barrett