GAILEARAÍ: An turas anoir – muintir Ráth Chairn i gConamara do sheoladh leabhar nua Matt Nolan

Bhí slua breá as Ráth Chairn, Béal Átha Ghártha agus Conamara Tigh Jack i mBéal an Daingin oíche Dé Luain, nuair a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an leabhar dátheangach, "Ráth Chairn The Promised Land An Talamh Bán", leis an ngrianghrafadóir cáiliúil, Matt Nolan. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Matt Nolan lena leabhar nua ‘Ráth Chairn An Talamh Bán The Promised Land’ a seoladh Tigh Jack in Eanach Mheáin

 

Fear an tí Máirtín Tom Sheáinín

 

Seán Mac Donncha ag labhairt ar son mhuintir Ráth Chairn ag an seoladh

 

An tAire Stáit Seán Kyne, a rinne an leabhar a sheoladh, ag taispeáint áilleacht agus cumhacht phictiúir Mhatt Nolan

 

Neart le léamh sa leabhar

 

Máirín Uí Chonghaile, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, a tháinig as Inis Meáin don seoladh. Chaith Matt go leor ama ar Inis Meáin ag grianghrafadóireacht

 

Óráid fhear Bhéal Átha Ghártha Matt Nolan, údar an leabhair

 

Nóra Joe Bheartla Uí Mhullaoidh as Inis Treabhair i measc an tslua ag an seoladh

 

Teresa Uí Chatháin ag baint lán na súl as na pictiúir

 

Muintir Ráth Chairn le Matt Nolan agus an tAire Seán Kyne. Ó chlé: Seáinín Mac Donncha, Tomás Ó Conaire, Padraig agus Mairéad Mhic Dhonncha, Máirín Sarikaya, an tAire agus Matt Nolan, Brídóg Ní Chonaire, Mairéad Éanaí, agus Beartla Ó Curraoin

 

Máirín Uí Chonghaile, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge agus  Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga

 

Conall, Máirín agus Colm Ó Céide, Sáile Chuanna, An Spidéal

 

Jude Hogan, Máirín Peter Pilly agus Seán Ó Loingsigh

 

Breandán Ó Tuarisg ag gabháil siar ar bhóithrín na smaointe

 

Máirtín Óg Mac Donnacha le Pádraig agus Róisín Seoighe

 

Máirtín Tom Sheáinín, a bhean Eilín agus Seán Ó Mainnín, Rocky Ros Muc

 

Teresa Uí Chatháin, Mairéad Éanaí, Nóra Joe Beartla agus Máire Uí Fhlatharta

 

Matt le muintir a bhaile dúchais féin, Béal Átha Ghártha. Ó chlé: Seán agus Marguerite Kilgarriff; Pádraig Lohan, Matt, Chris Kelleher agus Padraic O’Connor

 

Matt agus Sonny Choilm Learaí

 

Nellie Uí Mhainnín agus Winnie Uí Fhlatharta

 

Matt ag síniú cóip dá leabhar do Bridie Uí Chonaomha, as Inis Treabhair

 

Tomás Ó Cadhain, Maigh Cuilinn agus cóip á síniú dó

 

Fan go bhfeice tú cé atá ann…

 

John Baba Jack agus Sonny Choilm Learaí agus lón léitheoireachta na Nollag acu

 

Mairéad agus Pádraic Mac Donncha ag breathnú ar phictiúr as leabhar Mhatt den gleoiteog ‘Banríon na Bóinne’ a tógadh i Ráth Chairn agus a seoladh sa Máimín i gConamara in 2012

 

Féach mo sheanmhéit?

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An turas anoir – muintir Ráth Chairn i gConamara do sheoladh leabhar nua Matt Nolan'