Gaeilge ar Prime Time – ábhar dóchais nó soiniciúlachta?

Pé cúis a bhí leis agus pé acu an nós nua é seo nó nach ea bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ar Prime Time aréir

Gaeilge ar Prime Time – ábhar dóchais nó soiniciúlachta?

An rud is annamh is iontach. An Ghaeilge agus an Ghaeltacht á bplé ar Prime Time, clár cúrsaí reatha suaitheanta an chraoltóra náisiúnta (RTÉ1, Déardaoin). Nach ait é gur craoladh an mhír seo an tseachtain chéanna a raibh diancheistiú á dhéanamh ag Coiste Dála ar cheann feadhna an stáisiúin, Dee Forbes, faoi fhaillí RTÉ i leith na teanga. Dá mba dhuine soinicúil mé bheinn soiniciúil faoi.

Údaráis RTÉ ag tathant ar na giollaí beagán beag Gaeilge a chaitheamh amach le goile ghadhair na teanga a shásamh. Fios acu go rachadh cúrsaí ar ais mar a bhí nuair a thiocfaidh sámhnas orthu. Níor cheart a bheith soiniciúil, ba cheart don bhocht a bheith buíoch as an mbeagán is dócha.

Tá a fhios agam nach le drochmheas a dhéantar míreanna neamhchoitianta den saghas seo ach ag an am céanna taibhsítear dom go bhfuil an tuiscint is an cur amach céanna ag dream áirithe in RTÉ ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht is atá acu ar gheilleagar Bhruach na Mongóile agus nach mó ná sin a suim iontu.

Pé cúis a bhí leis agus pé acu an nós nua é seo nó nach ea bhí Prime Time luite amach orthu féin. Bhí alt nuachta as Gaeilge agus Béarla faoin ábhar ar shuíomh RTÉ agus físeáin i nGaeilge agus Béarla á scaipeadh ar na meáin shóisialta. Ansin bhí 10 nóiméad againn ar Prime Time féin, thiar ag deireadh an chláir ceart go leor. Bhí roinnt Gaeilge le clos ó dhaoine i gcaitheamh na míre, an tuairisceoir Conor McMorrow agus Miriam O’Callaghan san áireamh. Chuir rud éigin, nó duine éigin, piobar fé thóin Prime Time.

Chuathas go Rinn ó gCuanach agus go Conamara le cúrsaí tithíochta a phlé. Easpa tithíochta do mhuintir na háite, praghsanna ró-ard, daoine ag ceannach tithe saoire agus deacrachtaí le cead pleanála. Labhraíodh le Leanne Ní Mhurchú atá ag iarraidh tigh a thógaint ar a fód dúchais le dhá bhliain anuas ach í in abar sa chóras pleanála.

Bhí ionchur tomhaiste againn ón Dr. John Walsh, Donncha Ó hÉallaithe, Criostóir Ó Faoláin agus Julianne Ní Chonchobhair.

Ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb seo chun cinn. Go deimhin tá Breanndán Ó Beaglaoich ar chrosáid cros le tamall anuas. B’ait liom féin nár cuireadh é siúd fé agallamh.

Ó loisc siad an choinneal loiscidís an t-orlach. Canathaobh ná féadfaí an mhír ar fad a dhéanamh i nGaeilge agus fotheidil a chur leis (díreach mar a rinne siad leis na míreanna beaga Gaeilge a bhí acu)?

Má tá leithéidí Netflix tar éis aon ní a mhúineadh dúinn sin é nach bhfuil an doicheall céanna roimh fhotheidil is a bhíodh tamall. Nach ait go mbeadh an craoltóir náisiúnta ag cur Béarla ar mhuintir na Gaeltachta agus iad ag déanamh mír faoin ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Más nós é seo fáiltím roimhe ach b’fhéidir go mba cheart a bheith níos uaillmhianaí.

Fág freagra ar 'Gaeilge ar Prime Time – ábhar dóchais nó soiniciúlachta?'

  • Breathnóir1

    ´´Canathaobh ná féadfaí an mhír ar fad a dhéanamh i nGaeilge agus fotheidil a chur leis (díreach mar a rinne siad leis na míreanna beaga Gaeilge a bhí acu)?´´
    Díreach an smaoineamh céanna a rith liom féin. Déanta na fírinne ón méid a bhí feicthe agam ar na meáin shóisialta faoi seo roimh ré shíl mé go raibh an mír ar fad le bheith i nGaeilge, agus ní díreach cúpla abairt.
    Ach le bheith dearfach faoi, ar a laghad tá siad ag cur na faidhbe maidir le géarchéim na Gaeltachta ar a súile do phobal na tíre ar fad.