Gaeilge ag Maria Steen ‘a bhféadfaí snas a chur uirthi’

Deir lucht tacaíochta Maria Steen, atá ag súil go mbeidh a hainm ar an bpáipéar ballóide do thoghchán na huachtaránachta, go bhfuil roinn Gaeilge aici ach nach bhfuil sí líofa

Gaeilge ag Maria Steen ‘a bhféadfaí snas a chur uirthi’

Tá sé tugtha le fios ag Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, go bhfuil roinnt Gaeilge ag Maria Steen, an duine atá á mholadh ag a pháirtí mar iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta.

Bhí fuinneamh inné faoi fheachtas Maria Steen lena hainm a chur ar an bpáipéar ballóide do thoghchán na huachtaránachta ó d’fhógair an páirtí Independent Ireland agus daoine eile go bhfuil siadsan chun a dtacaíocht a thabhairt d’ainmniúchán an abhcóide a sheasann ar son luachanna sóisialta coimeádacha.

Scór ainmniúchán ó bhaill an Oireachtais a theastaíonn ó Mharia Steen roimh mheán lae inniu le go mbeidh sí in ann a hainm a chur isteach go hoifigiúil don toghchán an mhí seo chugainn.

Dúirt Peadar Tóibín le Tuairisc gur chuala sé Steen ag úsáid a cuid Gaeilge ó am go chéile ach nach bhféadfadh sé a rá go raibh an teanga go líofa aici.

“Tá Gaeilge ag Maria, agus tá sí tar éis í a úsáid ag cúpla ócáid. Nílim lánchinnte cé chomh líofa is atá sí, ach an Ghaeilge a chuala mé uaithi, bhí sí deas cruinn. Is bean chliste í Maria, agus tá spéis aici sa Ghaeilge.

“D’fhreagair sí ceist i nGaeilge a cuireadh uirthi nuair a bhí sí ag caint le Comhairle Contae Chiarraí níos luaithe an mhí seo. Tá an-suim aici sa Ghaeilge, ach is dócha go gcaithfeadh sí snas a chur ar an nGaeilge atá aici féin,” a dúirt sé.

Dúirt duine eile atá ag tacú le Steen, an Seanadóir Rónán Mullen, go bhfuil Gaeilge aici ach ní an oiread sin é.

“Tá Gaeilge ag Maria ach níl mórán aici. Tá sí go maith nuair a dhéanann sí staidéar uirthi, agus tá an fhoghraíocht go maith aici. Tá sí éirimiúil agus nuair a bhíonn rud ullmhaithe aici, bíonn sí an-mhaith.

“Is duine í a d’fhéadfadh rudaí a ullmhú agus tabhairt fúthu, agus d’fhéadfadh sí a chur ar a cuid Gaeilge go han-éasca.

“De réir mo thuisceana, chaith sí bliain ar scoil sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge. Bhí an scéim sin ann an uair sin nuair a bhí deis ag daoine bliain sa bhunscoil a dhéanamh sa Rinn agus chuaigh sí féin ann ar feadh na bliana,” a dúirt Mullen.

Dheimhnigh beirt chomhairleoirí de chuid Chomhairle Contae Chiarraí do Tuairisc gur cuireadh ceist i nGaeilge ar Maria Steen agus í ag labhairt os comhair na comhairle an mhí seo agus í ar thóir ainmniúcháin.

Ach ní raibh an bheirt cinnte faoi cé chomh maith is a bhí scileanna teanga an iarrthóra choimeádaigh. Dúirt duine amháin go raibh “Gaeilge aici” ach nach raibh sí “líofa”.

Tá ceist curtha ag Tuairisc chuig oifig Maria Steen faoina a leibhéal líofachta sa Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Gaeilge ag Maria Steen ‘a bhféadfaí snas a chur uirthi’'