Reáchtálfar imeacht speisialta an deireadh seachtaine seo mar chuid d’fhéile Bród 2021 agus an chéad ‘Chluiche Snatch’ riamh i nGaeilge le craoladh ar Youtube.
Mír ón gclár aitheanta RuPaul’s Drag Race é ‘Cluiche Snatch’, ina ngléasann rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina mbíonn ceisteanna éadroma seafóideacha líon-an-bhearna le freagairt.
Tá an cluiche á reáchtáil ag an gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach agus an grúpa sóisialta An Queercal Comhrá.
Ag glacadh páirt sa chluiche, tá Dean Farrell, teagascóir agus gníomhaí pobail; an scríbhneoir agus fuirseoir Eoin P. Ó Murchú; Jade Pepper, mainicín agus ealaíontóir; an Bhanríon Draig Kitty Ní Houlihán, agus an t-amhránaí Rút Ní Theimhneáin.
Beidh réimse leathan carachtar á léiriú acu cúigear, idir phearsana aitheanta liteartha agus réaltaí cáiliúla náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is iad Hugh Carr, Hilary Bowen-Walsh, agus Kevin Johnston a bheidh ina moltóirí ar an gcluiche agus duais €300, urraithe ag Foras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge, don bhuaiteoir.
Craolfar an Cluiche Snatch ag 13:00 amárach, Dé Sathairn, an 26 Meitheamh mar chuid de Bhród 2021 ar chuntas YouTube AerachAiteachGaelach.
Fág freagra ar 'Gaeil le tabhairt faoi mhír den ‘RuPaul’s Drag Race’ d’fhéile Bród 2021'