Fuist! Bí i do thost! Is scríbhneoir tú!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn a gcuid fuaimeanna féin ag baint le gach áit agus le gach am den lá agus is iontach na háiseanna na fuaimeanna céanna don scríbhneoir

Fuist! Bí i do thost! Is scríbhneoir tú!

Fuist!

Bí i do thost!

An gcloiseann tú crónán an chait ar leac na fuinneoige? Dordán na mbeach sa ghairdín? Siosarnach dhuilleoga na bhfearnóg ag bun an ghairdín? Monabhar an tsrutháin ar chúl na gcrann céanna?

Nó an gcloiseann tú faoileáin ag scairteadh, bairillí beorach á ndíluchtú ó chúl leoraí agus raic chairrín glanta sráide chomhairle na cathrach? Más ea, cuirim geall go bhfuil cónaí ort i lár chathair na Gaillimhe agus gurb í an mhaidin atá ann.

Agus mo chluasa ar bior agam féin anois díreach cloisim éanacha trópaiceacha ag giolcadh, casúr á bhualadh, bonn airgid ag titim ar urlár tíleanna os mo chionn agus díoltóir éisc ag béiceach in ard a ghlóir taobh amuigh – agus insíonn an méid sin ar fad dom go bhfuilim in árasán i gceantar íseal-mheánaicmeach i mórchathair de chuid na Brasaíle agus gurb í an mhaidin atá ann, freisin.

Bíonn a gcuid fuaimeanna féin ag baint le gach áit agus le gach am den lá agus is iontach na háiseanna iad don scríbhneoir a bheadh ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar shuíomh.

Luíonn sé le réasún gur ar an tsúil a bhíonn an chuid is mó den chur síos i scríbhneoireacht ficsin dírithe, ach b’fhiú i gcónaí iarracht a dhéanamh dul i bhfeidhm ar na céadfaí ar fad.

Ar ndóigh ní thagann blas agus tadhall i gceist ach go hannamh agus cur síos á dhéanamh agat ar láthair scéil agus ní bhíonn boladh a dtabharfá suntas ar leith dó ag baint le chuile shuíomh ach oiread, ach níl áit ar bith ar domhan nach gcloisfeá fuaim éigin ann, fiú amháin i bpluais (mar a gcloisfeá fuadar do chuid fola i gcuislí do chluas féin.)

Nuair a thug mé faoi m’úrscéal deireanach, chaith mé tréimhsí leathuair an chloig ag chuile cheann de phríomhláithreacha an scéil ag amanna éagsúla sa lá.

Ní hamháin ag breathnú thart, ach ag éisteacht. Bhreac mé síos nótaí, agus bhí siad sin ina gcúltaca agam agus mé ar ais ag an mbord a ndéanaim mo chuid scríbhneoireachta ann, ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an suíomh a bheadh dírithe, ní hamháin ar an tsúil, ach ar an gcluas agus, dá bhféadfaí, ar an gcuid eile de na céadfaí.

Fág freagra ar 'Fuist! Bí i do thost! Is scríbhneoir tú!'

  • Seán Fennell

    An-speisiúil ar fad…in amanntaí déanann na múinteoirí bunscoile ceachtanna bunaithe ar na céadfaí, baineann na páistí sult mór astu.