Níor las tinte ealaíne an spéir ná níor líon ceol galltrumpaí í ach oiread nuair a chríochnaigh mé m’úrscéal an lá faoi dheireadh (is ea, an ceann sin ar chuala léitheoirí an cholúin seo oiread sin ina thaobh).
‘Fuisssss’ a dúirt an bogearra ríomhphoist nuair a bhrúigh mé an cnaipe ‘seol’ agus ba é sin an méid. Agus leis sin, bhí an bheirt phríomhcharachtar ar chaith mé seacht mbliana ina dteannta imithe amach as mo shaol agus ar a mbealach tríd an gcibearspás go dtí ríomhaire mo ghníomhaire litríochta.
‘An mothaíonn tú uait iad?’ a d’fhiafraigh mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, díom aréir nuair a d’inis mé dó go raibh mo chairde, na carachtair, ag tabhairt faoin saol mór anois, áit éigin i bhfad uaim, ar ríomhaire strainséara.
‘Mothaíonn agus ní mhothaíonn,’ a d’fhreagair mé.
Bhí siad céasta agam, bhí siad sábháilte agam, bhí na camóga ina gcuid cainte athraithe thart na mílte uair agam – bhí siad curtha chuig an ngníomhaire litríochta roimhe seo agam fiú amháin ach bhí mé tar éis filleadh orthu – ach anois bhí mé lánchinnte nach raibh mé in ann tada eile a dhéanamh dóibh.
Níorbh iad na carachtair a mhothaigh mé uaim dáiríre ach an obair. Scéal a insint. Rud éigin a chruthú.
Tabharfaidh mé faoi ghreannán gairid, a dúirt mé liom féin an lá tar éis dom m’úrscéal a chur chuig an ngníomhaire litríochta. Ach a luaithe is a d’oscail mé an bogearra greannán ar mo ríomhaire theip ar mo shamhlaíocht agus dhún mé an ríomhaire arís. Bhí sé i bhfad róluath chun tabhairt faoi thogra cruthaitheach nua.
Tharla nach é an t-úrscéal sin an t-aon chaibidil i mo shaol atá tar éis teacht chun deiridh le tamall gairid anuas. An mhí seo a chuaigh thart, b’éigean dom féin agus do mo dheartháir óg ár máthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, a thabhairt chuig teach altranais. Ó shin i leith, tá ord agus eagar á gcur ar an teach ina mbíodh cónaí uirthi agus inar fhás mé féin aníos.
Glanfaidh mé an chisteanach, a dúirt mé liom féin nuair a thuig mé nárbh aon mhaith tabhairt faoi thogra nua cruthaitheach go fóilleach. Bhain mé chuile shórt amach as na cófraí agus thosaigh ag sciúradh. B’iontach an teiripe é. Shamhlaigh mé gurbh iad cófraí na cistine pluaiseanna m’aigne féin agus gurbh iad an truflais agus an salachar a d’fhág carachtair m’úrscéil ina ndiaidh a bhí á nglanadh amach agam. Bhí spás á dhéanamh agam do thogra nua, agus cá bhfios nach dtiocfainn ar phrapa éigin sna cófraí sin a spreagfadh scéal úr.
Fág freagra ar '‘Fuisssss’ a dúirt an ríomhphost agus go tobann bhí na carachtair ar chaith mé blianta leo imithe uaim'