Fuisce nua dar teideal ‘Connemara Turf Mor’ á chur chun cinn ag siopaí in aerfoirt na hEorpa

Maítear go bhfuil blas agus boladh láidir an phortaigh ar an uisce beatha nua a bhfuil €50 an buidéal air

Fuisce nua dar teideal ‘Connemara Turf Mor’ á chur chun cinn ag siopaí in aerfoirt na hEorpa

Tá iarracht mhór mhargaíochta beartaithe le fuisce nua, ar a dtugtar ‘Connemara Turf Mor’, a chur chun cinn i siopaí saor ó dhleacht in aerfoirt ar fud na hEorpa, ach níl aon bhaint ag an táirge nua le ceantar Chonamara.

An comhlacht drioglainne Kilbeggan a d’fhorbair an fuisce nua, a bhfuil blas agus boladh láidir na móna air agus is é an comhlacht ilnáisiúnta Beam Suntory, a ghlac seilbh ar Kilbeggan roinnt blianta ó shin, a bheidh i mbun dáileadh agus díolachán Connemara Turf Mor.

Úsáidtear braich a bhfuil rian láidir an phortaigh uirthi i ndéanamh an fhuisce nua agus deir lucht a dhéanta go bhfuil an blas mar a bheadh “meascán den chuid is fearr d’fhuisce na hÉireann agus d’fhuisce na hAlban”.

Dúirt Michael Cockram, urlabhraí an chomhlachta Beam Suntory, go raibh siad “an-bhródúil” as an uisce beatha nua.

“Connemara’s smooth, sweet peat flavours are inspired by Ireland’s ancient distilling traditions and the time-honoured process of drying malting barley over peat fires,” dar leis.

€50.00 an buidéal a bheidh ar an deoch nua i siopaí in aerfoirt na hEorpa agus tá leibhéal alcóil 46% profa ann.

Rinneadh an seoladh oifigiúil ar fhuisce eile a bhfuil dlúthbhaint cheart aige le Conamara ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i mbliana. ‘Micil’ an t-ainm atá ar an bpoitín dleathach a dhéanann Pádraig Ó Griallais as Indreabhán agus an deoch ainmnithe aige in ómós dá shin-sin-sin-seanathair, Micil Mac Chearra, togha stiléara.

Fág freagra ar 'Fuisce nua dar teideal ‘Connemara Turf Mor’ á chur chun cinn ag siopaí in aerfoirt na hEorpa'