Tá naoi dtéarma curtha chun cinn ag lucht Téarma.ie le haghaidh an stádais ‘Téarma Nua Gaeilge na Bliana 2024’. Cuireadh breis agus 680 téarma nua leis an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta i mbliana agus astu sin a roghnaigh foireann Fhiontar agus Scoil na Gaeilge naoi gcinn a bhí “spéisiúil” agus “bainteach leis an saol atá inniu ann”.
“Is téarmaí iad seo a chonaic muid le linn na bliana, cinn iad a bhí spéisiúil agus a bhí bainteach leis an saol atá inniu ann.
“Tá siad níos randamaí ná mar a bhíonn ag Merriam-Webster, Oxford, agus suíomhanna foclóra eile – ní hé gurb iad seo na téarmaí is mó a cuardaíodh ná aon rud mar sin. Is téarmaí iad a cheap muid a bhí spéisiúil agus tráthúil,” a dúirt Úna Bhreathnach, Bainisteoir Eagarthóireacht Ghrúpa Taighde Gaois le Tuairisc.
Is iad na téarmaí atá roghnaithe acu:
IS don Chomhshaol (AI for Green)
Is éard atá i gceist leis an IS don Chomhshaol ná an intleacht shaorga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach a dhéanann níos lú dochair don chomhshaol ná mar a dhéanann na gnáthchleachtais atá ann faoi láthair. D’fhéadfadh brí eile a bheith leis, freisin – an intleacht shaorga a úsáid ar mhaithe le feabhas a chur ar chúrsaí comhshaoil agus timpeallachta.
Staid an airgeadais phoiblí (position of public finances)
Níl aon fhocal ‘nua’ ar leith sa téarma seo. Cuireadh an frása mar aon téarma amháin leis an mbunachar i mbliana agus is é sin an fáth a bhfuil sé san áireamh ar an liosta seo. Ar ndóigh bhí go leor cainte faoi staid an airgeadais phoiblí agus cás Apple i mbéal an phobail agus an tOlltoghchán ar siúl i mí na Samhna.
Comharbhunú (friend-shoring)
Is éard atá i gceist leis an gcomharbhunú ná déantús agus aimsiú earraí i dtíortha atá ina gcomhghuaillithe – mar a dhéanann baill an Aontais Eorpaigh nó in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh. Tá an téarma Béarla bunaithe ar na téarmaí ‘reshoring’, ‘onshoring’, agus ‘nearshoring’.
Athdhúlraigh (rewild)
Tá go leor cainte ar an ‘athdhúlrú’ le cúpla bliain anuas agus an éigeandáil aeráide ag dul in olcas. Tá dhá mhíniú ar an gcoincheap – 1) nuair a ligtear do thalamh ‘filleadh ar a dúchas’ gan rud ar bith a dhéanamh ach ligean don dúlra seilbh a ghlacadh arís uirthi agus 2) nuair a thugtar cúnamh don dúlra trí phlandaí agus crainn dúchais a chur nó ainmhithe a theith nó a díbríodh ón áit a thabhairt ar ais.
Timréiteach
Dála ‘timchuairt’, ‘timthriall’, ‘timchaint’ agus ‘timpeall’ féin, baineann an ‘timréiteach’ le bheith ag dul timpeall ar rud. Nuair nach n-éiríonn leis an réiteach a chéadcheapadh is féidir brath ar an timréiteach leis an scéal a leigheas – ar feadh tamaillín ar aon chaoi.
Fubáil (fubbing)
Comhfhocal den dá fhocal Béarla ‘phone’ agus ‘snubbing’ é an téarma nua Béarla ‘fubbing’ a thagraíonn don nós mímhúinte atá ag daoine áirithe neamhaird a thabhairt ar dhuine atá ina gcomhluadar ach iad ag breathnú ar an bhfón póca.
Toiliú gníomhach (active consent)
Is téarma a bhaineann le cúrsaí collaíochta é seo. Ciallaíonn sé go ndéantar comhaontú soiléir idir beirt chéilithe collaíochta maidir le gníomhartha collaíochta agus go seiceáiltear go bhfuil an comhthoiliú sin fós ann ó thús deireadh an ghnímh.
Réamhbhréagnaigh (prebunk)
Bhí an bhréagaisnéis go mór i mbéal an phobail i mbliana agus toghcháin mhóra thábhachtacha ar siúl i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Is éard atá i gceist leis an ‘réamhbhréagnú’ ná foláireamh a thabhairt do dhaoine faoin mbréagaisnéis sula scaiptear é. Tá an téarma Béarla bunaithe ar an téarma ‘debunk’.
Suantiomáint (sleepdriving)
Tá an tsuantiomáint cosúil leis an tsuansiúl, téarma atá ar Téarma.ie agus Foclóir.ie le fada. Mar a bheifí ag súil leis, is éard atá i gceist le ‘suantiomáint’ ná a bheith ag tiomáint agus tú i do shuan codlata. Tugtar ‘sleepwalk driving’ ar an gcoincheap i mBéarla scaití.
Thug 989,617 cuairteoir 1,461,781 cuairt ar Téarma.ie in 2024 agus rinne siad 4,735,011 cuardach ar an suíomh. Is é Téarma.ie an suíomh ba mhó úsáid as suíomhanna éagsúla Fiontar – gaois.ie, téarma.ie, logainm.ie, dúchas.ie agus ainm.ie. Bhí 560,000 amas sa mhí ar an meán ag Téarma.ie agus 548,000 amas sa mhí ag Dúchas.ie.
Fág freagra ar '‘Fubáil’, ‘réamhbhréagnaigh’ agus ‘toiliú gníomhach’ – céard é téarma Gaeilge nua na bliana?'