Freagraí Sheathrúin Chéitinn ar scríbhneoireacht nimhneach fhrith-Ghaelach Spenser ar taispeáint

Lámhscríbhninní aos dána an 16ú haois agus na saothair is luaithe clóbhuailte ag filí agus aistritheoirí gairmiúla na Gaeilge ar taispeáint in Acadamh Ríoga na hÉireann

Leabhar Fhear Maí
Leabhar Fhear Maí

Tá saothar Sheathrúin Chéitinn agus lámhscríbhinní eile ar taispeáint in Acadamh Ríoga na hÉireann mar chuid den taispeántas Another View: Gaelic Manuscript Culture in Edmund Spenser’s Ireland.

Is taispeántas é a bhfuil súil ag lucht a eagraithe aird a tharraingt ar shaothar liteartha na bhfilí, staraithe agus an aois dána in Éirinn ón 16ú haois, Céitinn, Fearghal Óg Mac an Bhaird agus Giolla Bhríde Ó hEodhasa ina measc.

Is é Leabhar Fhear Maí príomhiarsma an taispeántais ar cuireadh tús leis i lár na 15ú haoise. Baineann filíocht agus prós an leabhair le muintir de Róiste as Fear Maí i dtuaisceart Chorcaí go príomha. Tá go leor dánta a scríobhadh do bhaill áirithe an teaghlaigh sa 16ú haois sa leabhar freisin. Maítear go gcruthaíonn an leabhar gurbh ann fós do chultúr an phátrúnachais sa cheantar sin díreach roimh phlandáil na Mumhan.

B’fhile agus ba pholaiteoir é Edmund Spenser a mhair ag deireadh ré na dTúdarach. Tháinig sé go hÉirinn ag deireadh na 1570idí agus fuair sé talamh i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan agus chuir sé an phlandáil go mór chun cinn i ndeisceart na hÉireann.

Scríobh sé A View of The Present State of Ireland sa bhliain 1596 agus léigh go leor daoine an leagan lámhscríofa de sular cuireadh i gcló den chéad uair é sa bhliain 1633. Is ann a fhaightear léargas ar ar an gcuid is nimhiúla de mheon polaitíochta na Sasanach in Éirinn an uair sin agus maítear nár foilsíodh lámhscríbhinn Spenser le linn dó a bheith beo toisc na tuairimí ann a bheith chomh binibeach sin.

Scríobh sé, mar shampla:

“Ireland is a diseased portion of the State, it must first be cured and reformed, before it could be in a position to appreciate the good sound laws and blessings of the nation”.

Bhí Spenser go mór ar son deireadh a chur leis an nGaeilge freisin toisc gur thuig sé an ceangal idir í agus mianta lucht a labhartha agus cé mar a chuir an méid sin lena bhféiniúlacht: “Soe that the speach being Irish, the hart must needes be Irishe; for out of the aboundance of the hart, the tonge speaketh.”

Ní mó ná sásta a bhí an Céitinneach leis an léargas diúltach ar na Gaeil a thug Spenser ina chuid scríbhneoireachta. Beidh cuid den mhéid a scríobh an Céitinneach mar fhreagra ar an View le feiceáil sa taispeántas seo chomh maith le Annála na gCeithre Máistrí. Beidh na saothair Ghaeilge is luaithe clóbhuailte le filí agus aistritheoirí gairmiúla ar taispeáint freisin.

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 7 Lúnasa i Leabharlann agus Seomra Cruinnithe, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Freagraí Sheathrúin Chéitinn ar scríbhneoireacht nimhneach fhrith-Ghaelach Spenser ar taispeáint'