Foras na Gaeilge le breathnú ar chlár foilsitheoireachta nua dírithe ar dhéagóirí

Tá Foras na Gaeilge chun bualadh le hAire na Gaeltachta go luath agus é i gceist ag an eagraíocht teanga tábhacht na léitheoireachta Gaeilge a phlé léi

Foras na Gaeilge le breathnú ar chlár foilsitheoireachta nua dírithe ar dhéagóirí

Tá cás na foilsitheoireachta Gaeilge le plé go luath ag Foras na Gaeilge le hAire na Gaeltachta agus le COGG agus a machnamh á dhéanamh ag an eagraíocht trasteorann ar chlár nua a bhunú do leabhair Ghaeilge a bheadh dírithe ar dhéagóirí.

Mhol COGG an tseachtain seo caite gur chóir clár sainiúil foilsitheoireachta a bhunú a bheadh dírithe ar leabhair do dhéagóirí mar go raibh géarghá lena leithéid.

Fuair moladh COGG tacaíocht ó údair Ghaeilge a d’aontaigh go raibh bearna ann ó thaobh saothar i nGaeilge atá dírithe ar dhéagóirí.

Deir Foras na Gaeilge le Tuairisc go bhfuiltear chun “na féidearthachtaí” a scrúdú maidir le soláthar leabhar don aoisghrúpa sin. 

Tá an eagraíocht chun bualadh le hAire na Gaeltachta Catherine Martin sna seachtainí amach romhainn agus dúirt urlabhraí ón bhForas go bpléifear cás na léitheoireachta Gaeilge ag an gcruinniú sin agus go rachfar i dteagmháil freisin le COGG agus le páirtithe eile maidir le hábhar a chur ar fáil do dhéagóirí. 

“Beidh Foras na Gaeilge ag bualadh leis an Aire Catherine Martin go luath, agus beimid ag iarraidh tábhacht na léitheoireachta Gaeilge agus Clár na Leabhar Gaeilge a phlé léi,” a dúirt Foras na Gaeilge. 

“Beimid ag súil le dul chun cainte le COGG agus le páirtithe leasmhara eile go luath leis na féidearthachtaí a rianú maidir le soláthar leabhar do dhéagóirí agus téacscleabhair do na curaclaim athbhreithnithe.”

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais an tseachtain seo caite, dúirt Pádraig Ó Beaglaoich, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG, go rabhthas ag moladh go tréan “go ndéanfaí clár sainiúil spriocdhírithe a bhunú le bonn níos láidre a chur faoi thobar na litríochta do dhéagóirí”.

Dúirt sé go raibh ábhar comhaimseartha litríochta d’ardchaighdeán ag teastáil do na liostaí litríochta ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste agus, lena chois sin, chun saibhreas teanga na Gaeltachta a choinneáil.

Agus iad ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin agus Bridget Bhreathnach, beirt údar a bhfuil gradaim mhóra buaite acu i mbliana, go n-aontaíonn siad beirt go bhfuil “bearna” ann ó thaobh saothar i nGaeilge atá dírithe ar dhéagóirí.

Dúirt an bheirt go mbeadh fiúntas ag baint le clár foilsitheoireachta sainiúil do dhéagóirí, mar atá molta ag COGG “ach é a bheith déanta i gceart”.

Dúirt Bridget Bhreathnach, a bhuaigh Gradam Réics Carló i mbliana, agus Mac Dhonnagáin, a bhuaigh gradam Gaeilge na Irish Book Awards an tseachtain seo caite, nach airgead amháin a bheadh ag teastáil chun údair a mhealladh le tabhairt faoi shaothair Ghaeilge do léitheoirí sna déaga, ach tacaíocht chuí do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do lucht margaíochta freisin.

Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge le breathnú ar chlár foilsitheoireachta nua dírithe ar dhéagóirí'

  • Seán Ó hAodha

    Aistriúcháin ó teenlit ar fud an domhain.