Foras na Gaeilge ag tabhairt aghaidh arís ar cheist achrannach an tSéala aistriúcháin

Tugadh le fios i ríomhphost a seoladh chuig haistriteoirí creidiúnaithe le deireanas go raibh 'socruithe déanta' go mbeidh córas nua á chur i bhfeidhm a bhainfidh le hathnuachan an tSéala

Tá Foras na Gaeilge ag tabhairt aghaidh arís ar cheist na n-aistritheoirí creidiúnaithe Gaeilge a chothaigh an oiread sin conspóide anuraidh.

Ní mó ná sásta a bhí aistritheoirí a raibh séala an Fhorais faighte cheana acu leis an scéal go mbeadh orthu scrúdú athchreidiúnaithe a dhéanamh agus cuireadh an scrúdú a bhí beartaithe don fhómhar seo caite ar ceal.

An tseachtain seo, áfach, cuireadh in iúl do na haistritheoirí go mbeadh córas nua faoina ndéanfaí athnuachan ar an séala á chur i bhfeidhm ‘ar bhonn céimithe’ an bhliain seo chugainn.

Tugadh le fios freisin go mbeidh an scrúdú creidiúnaithe le haghaidh aistritheoirí nua ann roimh dheireadh Feabhra 2016.

Cuireadh an scrúdú athchreidiúnaithe ar ceal i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite nuair chuir an Foras in iúl d’aistritheoirí deich lá roimh dáta an scrúdaithe nach raibh sé i gceist acu dul ar aghaidh leis.

Thug Foras na Gaeilge le fios ag an am gur tuigeadh dóibh go raibh “go leor daoine buartha faoin gceist”.

“Tá dualgas orainn ar fad anois teacht ar réiteach chun ardchaighdeáin a chinntiú in earnáil an aistriúcháin, chun aistritheoirí a bhfuil an Séala acu a chosaint, agus chun ardchaighdeáin an tSéala a chosaint,” a dúirt Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge, i ríomhphost a seoladh anuraidh chuig na haistritheoirí a bhain séala amach ón bhForas.

Níor ghlac na haistritheoirí leis go bhféadfaí an cháilíocht séala a bronnadh orthu a bhaint ná cáilíocht a raibh ‘seasamh dlí’ ag dul leis a chur ar ceal.

Bhí imní freisin ar aistritheoirí an taca seo an bhliain seo caite go mbeadh comhlachtaí beaga aistriúcháin agus aistritheoirí aonair fágtha ar an trá fholamh agus obair aistriúcháin uilig an Stáit á thabhairt amach ar conradh d’aon chomhlacht amháin.

Bhí dhá rogha á gcíoradh ag an Oifig um Sholáthair Rialtais anuraidh: go gcuirfí seirbhís aistriúcháin Ghaeilge ar tairiscint astu féin nó go gcuirfí le chéile le seirbhísí aistriúcháin do theangacha éagsúla iad.

Bhí na comhlachtaí beaga Gaeilge buartha nach bhféadfaidís an fód a sheasamh dá mbeadh aistriúchán Fraincíse, Gearmáinise agus Spáinnise á lorg ag an Stát agus tairiscintí le déanamh.

Ach tugadh údar faoisimh do na haistritheoirí Gaeilge ag tús na bliana seo nuair a fógraíodh go gcuirfear seirbhísí aistriúcháin Gaeilge an Stáit ar tairiscint astu féin.