Fonn díoltais ar Chorcaigh agus iad ag iarraidh na Gaillimhigh a chloí i bPáirc an Chrócaigh

Tá cluiche ceannais na sraithe bainte amach ag Gaillimh den tríú huair as a chéile ach níl an tsraith buaite ag Corcaigh le beagnach deich mbliana

Fonn díoltais ar Chorcaigh agus iad ag iarraidh na Gaillimhigh a chloí i bPáirc an Chrócaigh

Corcaigh v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 7pm (Beo ar RTÉ)

Corcaigh agus Gaillimh, an dá fhoireann is fearr sa tír, a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe camógaíochta anocht i bPáirc an Chrócaigh.

Chas na foirne céanna ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh nuair a bhuaigh Gaillimh tar éis dianchoimhlinte. Níl cluiche ar bith caillte ag ceachtar foireann an t-earrach seo agus athróidh sin anocht.

Is é seo an tríú huair as a chéile ag Gaillimh cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach. Bhuadar an comórtas in 2019 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh ach sháraigh na Cait mná an iarthair anuraidh. Níor críochnaíodh an tsraith in 2020 de bharr na paindéime.

Bhuaigh Gaillimh na ceithre chluiche sraithe a bhí acu go dtí seo agus an ceann is fearr faighte acu ar Áth Cliath sa chéad bhabhta agus An Dún, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí ina dhiaidh sin.

Ba é an cluiche in aghaidh Thiobraid Árann an ceann ba dheacra dóibh. Bua aon phointe amháin a bhí ag Gaillimh, 1-11 in aghaidh 0-13, a bhuíochas do phoc saor ó Rebecca Hennelly agus an t-am caite. Bhí Hennelly ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ag Gaillimh go dtí seo sa tsraith agus bhí an-tionchar ag Orlaith agus Siobhán McGrath ar an gcluiche sin in aghaidh Thiobraid Árann. Idir iadsan agus réalta eile ar nós Aoife Donohue agus Niamh Kilkenny, beidh Gaillimh ag súil le toradh maith eile inniu.

Briseadh croí a bhí sa chailliúint i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh do Chorcaigh mar bhí cuma na maitheasa orthu ar feadh cuid mhaith den chluiche ach tá an díomá sin curtha díobh acu agus chruthaigh siad go maith sa tsraith i mbliana.

Tá bainisteoir nua i gceannas orthu, Matthew Twomey atá tagtha isteach in áit Paudie Murray, a bhí mar bhainisteoir ar an bhfoireann le deich mbliana, ach níl an chuma ar chúrsaí go bhfuil tada caillte ag an bhfoireann.

Bhuaigh Corcaigh ar chontae an Chláir agus ar Luimneach ag tús na sraithe agus cé gur chríochnaigh siad ar comhscór le Cill Chainnigh sa bhabhta deireanach, is iad na Muimhnigh a bhain áit amach sa chluiche ceannais ar dhifríocht na scór.

Aisteach go leor, níl an tsraith buaite ag Corcaigh le beagnach deich mbliana. Ba é an bua a bhí acu in 2013 an uair dheireanach acu comórtas an earraigh a thabhairt leo.

Tabharfaidh an chailliúint in aghaidh na Gaillimhe anuraidh spreagadh breise do Chorcaigh ach tá cluichí crua imeartha ag an dá fhoireann go dtí seo sa tsraith agus ní bheidh le fáil go héasca inniu agus fios acu beirt go bhféadfadh cluiche mór eile a bheith eatarthu i bPáirc an Chrócaigh níos deireanaí sa bhliain.

Fág freagra ar 'Fonn díoltais ar Chorcaigh agus iad ag iarraidh na Gaillimhigh a chloí i bPáirc an Chrócaigh'