Folúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta fógartha, bord eatramhach le ceapadh go ‘ríghairid’

Tá an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga gan bord ó thús mhí Eanáir agus bord eatramhach le hainmniú go dtí gur féidir an próiseas chun bord nua a cheapadh a thabhairt chun críche

Folúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta fógartha, bord eatramhach le ceapadh go ‘ríghairid’

Tá seacht gcinn d’fholúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta fógartha, folúntas don Chathaoirleach san áireamh.

Tá an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga gan bord ó thús mhí Eanáir agus tá bord eatramhach le hainmniú sular féidir an próiseas chun bord nua a cheapadh a thabhairt chun críche.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil súil acu go gceapfar bord eatramhach “go ríghairid” ach, idir an dá linn, tá na folúntais don chéad bhord eile fógartha.

Tá seachtar comhaltaí le ceapadh tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus beidh duine den seachtar sin ainmnithe ina Chathaoirleach ag Aire na Gaeltachta. Is iad na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse a ainmníonn an cúigear comhaltaí eile.

Tréimhse nach faide ná dhá bhliain a mhairfidh téarma na gcomhaltaí atá le ceapadh agus é fógartha go bhfuil toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais. Tréimhse cúig bliana a bhíodh i gceist roimhe seo.

Luach saothair €11,970 atá ar fáil do chathaoirleach nua an bhoird agus €7,695 do ghnáthchomhalta ach, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘Duine Amháin, Tuarastal Amháin’, níl aon seirbhíseach poiblí i dteideal luach saothair a fháil i bhfoirm táillí boird.

Tá líofacht sa Ghaeilge scríofa agus labhartha agus eolas ar chleachtais agus ar phrionsabail forbartha inbhuanaithe luaite mar bhunriachtanais do na folúntais. Moltar chomh maith go mbeadh taithí ag iarrthóir i gceann de na réimsí seo a leanas – cur chun cinn na Gaeilge, an phleanáil teanga, an fhorbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, forbairt pobail, cur chun cinn na n-ealaíon agus an turasóireacht chultúrtha,.

Tá go dtí an 2 Márta ag iarrthóirí cur isteach ar na folúntais.

Tagann Bord Údarás na Gaeltachta le chéile ar bhonn míosúil de ghnáth agus an bord atá freagrach as polasaithe agus straitéisí an Údaráis.

Cuireann sé as go mór d’obair an Údaráis a bheith d’uireasa boird. Níl an eagraíocht in ann aon deontas a cheadú nó aon airgead caipitil a chaitheamh gan bord a bheith ann.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, le fios an mhí seo caite go raibh bord eatramhach le ceapadh ar an Údarás ach níl aon eolas tugtha ó shin maidir le cén chaoi a roghnófar iad siúd atá le ceapadh.

Rogha amháin a bheadh ann cuid de na comhaltaí nach raibh dhá théarma caite acu ar an mbord deireanach a athcheapadh in éineacht le ceapacháin na gcomhairlí contae a cuireadh faoi bhráid na Roinne ag deireadh na bliana seo caite. Bhí seisear ar an mbord deireanach nach raibh ach tréimhse amháin istigh acu, beirt a roghnaíodh tríd an gcóras ceapacháin phoiblí – Debra Ní Shúilleabháin agus Mary Uí Chadhain – agus ceathrar eile a bhí ainmnithe ag comhairlí contae –  Gobnait Ní Mhuimhneacháin, John Shéamuis Ó Fearraigh, Seán Mac Congamhna agus Séamus Walsh.

Is i mí na Nollag a d’fhógair an Rialtas go raibh toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta le filleadh in 2024 nó 2025.

Toghfar deichniúr den 16 comhalta agus roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Fág freagra ar 'Folúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta fógartha, bord eatramhach le ceapadh go ‘ríghairid’'

  • Concubhar

    Conas gur féidir ‘tuairimíocht’ a thabhairt ar an dtuairisc seo? Cad é an tuairim atá á nochtadh? An bhfuil aon tuiscint ag eagarthóir an tsuímh seo ar an difríocht idir tuairim is tuairisc?

    • Tuairisc

      Tá sé sin curtha sa rannóg nuachta anois. Mo leithscéal faoin mbotún, a chara.

      Ciarán