Foirne ag triall le dóchas ar Staid Semple do chluichí leathcheannais na mban

Tá an Mhí, seaimpíní na hÉireann le dhá bhliain anuas, cloíte agus deis ag foireann nua nó ceann de na boic mhóra an chraobh a thabhairt leo i mbliana

Foirne ag triall le dóchas ar Staid Semple do chluichí leathcheannais na mban

Ciarraí v Maigh Eo – Staid Semple, 5.00in (Beo ar TG4)

Imreofar babhtaí leathcheannais na hÉireann i gCraobh Shinsir Peile na mBan tráthnóna agus Ciarraí, Maigh Eo, Áth Cliath agus Corcaigh ag dul chun páirce i Staid Semple i nDurlas.

An choimhlint idir Ciarraí agus seaimpíní Chonnacht, Maigh Eo a bheidh againn ar dtús. Buaileadh buille mór ar mhná na Ríochta an tseachtain seo caite nuair a bhain gortú glúine do chaptaen agus duine de laochra na foirne, Síofra O’Shea.

Tá Danielle O’Leary ainmnithe ar an bhfoireann in áit Uí Shé agus is í bean na Gaeltachta, Louise Ní Mhuircheartaigh, a bheidh mar chaptaen ar Chiarraí an chuid eile den séasúr.

Buille crua a bhí i ngortú O’Shea, agus Ciarraí ar mhuin na muice tar éis dóibh curaidh na hÉireann le dhá bhliain anuas, an Mhí, a bhualadh sna babhtaí ceathrú ceannais ach beifear ag súil go fóill gur féidir leo an cluiche ceannais a bhaint amach don dara bliain as a chéile.

Bhuaigh Ciarraí ar Mhaigh Eo sna babhtaí leathcheannais anuraidh agus beidh fonn díoltais ar na Connachtaigh.

D’fhág cúilín ag fíordheireadh na himeartha ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Gaillimhe go raibh an lá le Maigh Eo sa cheann sin ach beidh feabhas mór ag teastáil más leo an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair ó 2017.

 

Rachel Hartnett (BÁC) agus Aisling Kelleher. Pictiúr: Evan Treacy

Corcaigh v Áth Cliath – Staid Semple, 7.30in (Beo ar TG4)

Tá athruithe déanta ag Corcaigh agus ag Áth Cliath ó na foirne a bhuaigh sna babhtaí ceathrú ceannais cúpla seachtain ó shin.

Bhí ar Chorcaigh dul suas chomh fada le hArd Mhacha chun a gcluiche a imirt ach bhí an bua ansin ag foireann Shane Ronayne théis coimhlint chrua. Tá Aoife Healy agus Bríd O’Sullivan ainmnithe ag Ronayne don chluiche in aghaidh Átha Cliath inniu agus Laura O’Mahony agus Orlaith Cahalane anois i measc na n-ionadaithe.

Bhí bua cumasach ag Áth Cliath in aghaidh Dhún na nGall cúpla seachtain ó shin ach, mar sin féin, tá cinneadh déanta ag Mick Bohan athrú amháin a dhéanamh ar an bhfoireann agus Ellen Gribben ag teacht isteach in áit Niamh Donlon.

Ba iad Corcaigh agus Áth Cliath an dá fhoireann ab fhearr sa tír ar feadh na mblianta ach cé nach bhfuil ach cúpla bliain ann ón uair dheireanach ar chasadar ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann in 2020, níl ceachtar foireann ina rogha na coitiantachta chun an chraobh a bhaint i mbliana.

D’fhéadfadh taispeántas maith inniu é sin a athrú go tobann.

Fág freagra ar 'Foirne ag triall le dóchas ar Staid Semple do chluichí leathcheannais na mban'