Foireann ná gheobhaidh bás choíche iad an fhoireann a chloífidh na Dubs

Cad ’tá athraithe le trí ráithe anuas a thabharfadh le tuiscint go mbeidh aon ní cóir i ndán do Pheter Keane agus a chriú más fós ag seasamh dóibh sa bhfómhar? 

Foireann ná gheobhaidh bás choíche iad an fhoireann a chloífidh na Dubs

Titfidh port na habhann lá éigin.

B’fhéidir ná chífear ag teacht é mar a tharla nach mór daichead bliain ó shin i gcás Chiarraí agus Uíbh Fhailí ach nuair a tharlóidh sé ba dheas linn ar fad a shamhlú go mbeidh tonnchrith de shórt éigin ann agus go mairfidh cáil an té a leag port na habhann go deo.

Sin a bhfuil i ndán don bhfoireann a chnagfaidh Áth Cliath sa chraobh, pén uair a tharlóidh sé.

Déarfá tar éis a dtit amach Cois Laoi anuraidh gur dána an mhaise ag aon Chiarraíoch é bheith ag caint ar Áth Cliath. Ó chaill Ciarraí an cluiche sin tá sé ráite go minic nár cheart an leathshúil sin bheith romhat agat i gcluichí craoibhe, go háirithe agus gan maide croise, compás ná cúldoras chun tú a shlánú, díreach mar a bhí an bhiaiste seo caite go léir.

Ach fós féin, tá a fhios ag an uile dhuine gur foireann ná gheobhaidh bás choíche iad an fhoireann a chloífidh na Dubs. Sin í duais agus creach na craoibhe i mbliana agus bhí an dála céanna gach bliain le seacht mbliana anuas.

Táid ann a déarfadh linn agus sinn ar thairseach na craoibhe gur rás idir dhá chapall atá i gceist i mbliana agus nach fiú bheith ag áireamh na bhfoirne eile nó go dtitfidh siad ceann ar cheann agus ná beadh fágtha i ndeireadh mhí Lúnasa ach Áth Cliath agus an fhoireann a thiocfaidh idir iad agus a seachtú craobh as a chéile.

Measann scata gurb iad Ciarraí an fhoireann sin i mbliana ach maithfidh sibh dúinn é más domhain é poll ár n-amhrais i bhfianaise ár dtreascartha in aghaidh Chorcaí anuraidh. Pé urraim atá á fáil ag Ciarraí i mbliana agus pé géilleadh atá ag na húdair dá ndintiúirí, tá sé bunaithe ar fheachtas maith sraithe. Nach raibh sé amhlaidh anuraidh, leis, áfach?

Seán O’Shea i ndiaidh an chluiche in aghaidh Chorcaí anuraidh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Cad ’tá athraithe le trí ráithe anuas a thabharfadh le tuiscint go mbeidh aon ní cóir i ndán do Pheter Keane agus a chriú más fós ag seasamh dóibh sa bhfómhar?

Ní hionann agus an geimhreadh seo caite, fiagaí fírinneach a bheidh i gCiarraí i mbliana. Ní dóigh liom go mbeidh aon rian an samhradh seo den easpa misnigh, den eagla, den dtámáilteacht agus den tsleamhnánaíocht a bhí sa treis in aghaidh Chorcaí. Díoladh go daor as peaca an tomhais agus as an easpa uaillmhéine a léiríodh anuraidh agus céasadh na himreoirí ar chrois a gcáinte ó shin. Tógfaidh sé rud éigin as an ngnáth ar fad chun muinín lucht a leanta a thuilleamh athuair. N’fheadar an sásóidh aon ní eile feasta iad ach an bonn a bheith bainte d’Áth Cliath acu.

Beidh luathéachtaint tráthnóna i gCill Airne againn ar cé chomh hullamh is atá Ciarraí chun catha. Tástálfaidh contae an Chláir go maith iad i ngoile, i ngéire agus i gclóchas ach chuirfeadh sé iontas ar an uile dhuine dá gcaillfeadh Ciarraí cluiche craoibhe ar a bpaiste féin don gcéad uair le sé bliana fichead.

Cruthóidh fathach lár páirce an Chláir, Darren O’Neill, deacrachtaí do Chiarraí, go háirithe má éalaíonn sé leis isteach i dtreo imeall na cearnóige bige mar a dhein i dtosach na míosa in aghaidh Mhaigh Eo. Beidh a ndóthain cúraim ar chosantóirí Chiarraí Eoin Cleary agus David Tubridy a cheansú agus ní bheidh aon tsóinseáil neafaiseach ón dtaobh eile ag leithéidí Clifford agus O’Shea ó chosantóirí cruaite an Chláir. Is í an tseilbh agus seilbh na caide ón gcaid sciorrtha ó chiceanna amach fada is mó atá ag fágaint rian ar an imirt ó thús na bliana seo sa tsraith agus má éiríonn le Ciarraí dul guaille ar ghuaille, gob ar ghob agus speach ar speach leis an gClár sa ghné sin den imirt, níl aon chúis ná beidís ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann fé cheann coicíse.

Tá Maigh Eo agus Dún na nGall áirithe i measc an dornáin bhig foirne a bhfuil sé de thiarnúlacht iontu a shamhlú go bhféadfaidís a slí a dhéanamh chomh fada leis an gcluiche ceannais chomh maith i mbliana. Beidh an dá fhoireann seo ag cur chun páirce amárach is amanathar, leis. Ní dócha go mbeidh aon dua acu le Sligeach agus contae an Dúin faoi seach ach dála Chiarraí, beidh léasacha léargais agus comharthaí sóirt a sláinte nó a n-easláinte le feiscint luath go maith san imirt. Mór an trua go bhfuil beirt de shárthosaithe na linne, Cillian O’Connor agus Michael Murphy, ar lár de bharr a ngortuithe toisc go bhfuil a dtréithe agus a n-intleacht chaide chomh gann, ach tiocfaidh ceannairí eile chun cinn in am an ghátair agus ní dócha gur baol do cheachtar den dá fhoireann an deireadh seachtaine seo.

Paddy McBrearty agus Michael Murphy. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Táimid ag cur is ag cúiteamh anseo fé phlúr na bhfoirne agus faoin bhfoireann is dóchúla a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann le hÁth Cliath sa bhfómhar amhail is gur b’in scéal agus dán na craoibhe.

Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha i gcónaí agus má ritheann an cúrsa mar a ceapadh dó, d’fhéadfadh An Clár, Port Láirge, An Dún, Sligeach, contae Lú, Ceatharlach agus, déarfaimis, Loch Garman bheith ag fágaint slán an deireadh seachtaine seo le craobh na bliana 2021.

Sin seacht bhfoireann treascartha, seacht bpobal briste, agus seacht n-aisling iompaithe bunoscionn agus gan an samhradh ach ina bhunóc. Scéal thairis, b’fhéidir, agus scéal do lá éigin eile is dócha. Ach caithfidh port na habhann san, leis, titim lá éigin.

Ní fhéadfaimid leanúint ar aghaidh mar atá.


Dé Sathairn, 26 Meitheamh

Craobh Shinsir Peile Chonnacht

Sligeach v Maigh Eo – Páirc Markievicz, 4.30pm (Beo ar Sky Sports)

Craobh Shinsir Peile na Mumhan

Luimneach v Port Láirge – Páirc na nGael, 3pm

Ciarraí v An Clár – Staid an Ghearaltaigh, 7pm (Beo ar Sky Sports)

 

Dé Domhnaigh, 27 Meitheamh

Craobh Shinsir Peile Laighean

Uíbh Fhailí v An Lú – Páirc Tailteann, 1.30pm

Cill Mhantáin v Loch Garman – Eachroim, 3pm

Ceatharlach v An Longfort – Páirc Uí Chonchúir, 4.30pm

Craobh Shinsir Peile Uladh

An Dún v Dún na nGall – Páirc Esler, 1pm (Beo ar RTÉ & BBC)

Fág freagra ar 'Foireann ná gheobhaidh bás choíche iad an fhoireann a chloífidh na Dubs'