Foireann na bliana agus Gradaim Iomána Tuairisc.ie do 2017

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na himreoirí, na cluichí agus na scóranna ab fhearr ón séasúr iomána atá díreach críochnaithe

Foireann na bliana agus Gradaim Iomána Tuairisc.ie do 2017

Imreoir na Bliana – David Burke (Gaillimh)

Thug captaen na Gaillimhe ceannaireacht agus dea-shampla uaidh ó thús an tsamhraidh. Aithnítear anois é mar cheann de na himreoirí lár páirce is fearr sa tír agus luas, scil, agus neart i gceann a chéile ag fear Naomh Tomás.

Níor imir sé chomh maith sin i gcluiche leathcheannais na hÉireann i mbliana ach nuair a bhí spreagadh ag teastáil ó Ghaillimh sa chluiche ceannais, ba é Burke a sheas an fód agus d’aimsigh sé ceithre chúilín i gcoinne Phort Láirge.

Caithfear taispeántais Jamie Barron agus Conor Whelan i gcaitheamh na bliana a mholadh chomh maith, ach ba é Burke ba  mhó a d’fhág a lorg ar bhliain iontach churaidh na hÉireann..

Iománaí Óg na Bliana – Conor Whelan (Gaillimh)

Cé go ndearna Noel Connors an-jab Whelan a choinneáil ciúin i gcluiche ceannais na hÉireann, seans gurbh é fear Chinn Mhara an tosach ab iontaofa a bhí ag Gaillimh i mbliana. Bhí Whelan ar fheabhas sa tsraith agus níor tháinig aon lagan air sa samhradh. Tá Whelan neartaithe ó tháinig sé isteach ar an bhfoireann ar dtús cúpla bliain ó shin agus is beag cosantóir atá in ann déileáil leis.

Ba cheart Mark Coleman Chorcaí a lua chomh maith. Níl sé ach naoi mbliana déag d’aois ach bhí an cosantóir ar fheabhas i mbliana  ina chéad séasúr le  foireann na sinsear.

Cluiche na Bliana – Gaillimh v Tiobraid Árann

Seans go raibh na cluichí inar chloígh Loch Garman agus Port Láirge Cill Chainnigh ar phéire de na cluichí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ach d’fhéadfadh caighdeán na himeartha sna cluichí sin a bheith níos fearr. Is é cluiche leathcheannais na hÉireann idir Gaillimh agus Tiobraid Árann ár rogha mar chluiche na bliana. Ba é seo an tríú bliain as a chéile ag na foirne seo aghaidh a thabhairt ar a chéile sa bhabhta seo cluiche den chéad scoth a bhí ann.

I ndiaidh na ndeacrachtaí uile a bhí acu i mbliana, bhí Tiobraid Árann ar ais i mbarr a maitheasa arís sa chluiche sin ach níor ghéill Gaillimh. Ní raibh ach aon phointe amháin ag scaradh na foirne ag an deireadh, mar a bhí in 2015 agus in 2016.

Pointe na Bliana – Joe Canning v Tiobraid Árann

Cé nach raibh Gaillimh ag brath chomh mór ar Joe Canning i mbliana agus a bhí roimhe seo, fós is beag seans go mbeadh Craobh na hÉireann buaite acu dá uireasa. Agus é bogtha amach ón líne lántosach, ní fhaca muid Canning ag scóráil cúl ar bith sa chraobh in 2017 ach cuimhneofar ar an bpointe a d’aimsigh sé ag deireadh chluiche leathcheannais na hÉireann go deo.

Agus an t-am caite, bhí Canning beagnach ina sheasamh ar an taobhlíne agus Niall O’Meara Thiobraid Árann sa mhullach air nuair a thug sé iarracht faoi na postaí a bhí cruinn beacht agus a bhain áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann dá chontae.

Cúl na Bliana – Austin Gleeson v Corcaigh

Is sa chluiche leathcheannais eile a chonaic muid an cúl ab fhearr a scóráladh sa chraobh in 2017. Ní raibh mórán tionchair ag Austin Gleeson ar an gcluiche ar feadh an chéad uair an chloig, ach bhí sé ar fheabhas don deich nóiméad deireanach.

Chruthaigh sé cúl do Jamie Barron ar dtús ach ba é an ceann a d’aimsigh sé féin is mó a sheas amach. Bhí sé níos faide ná 50m amach ón gcúl nuair a fuair sé an sliotar ar dtús agus, cé gur bheag nár chaill sé é, thug sé na cosa leis ar ruathar aonair agus triúr Corcaíoch fágtha ar a dtóin aige faoin am a chuir sé an sliotar san eangach.

Foireann na Bliana

Fág freagra ar 'Foireann na bliana agus Gradaim Iomána Tuairisc.ie do 2017'