Is cosúil go mbeidh córas réamhaisnéise, fógraí agus foláirimh ar leith faoin aimsir i gConamara á réiteach ag Met Éireann as seo go ceann bliana.
An Ceannasaí ar Met Éireann, Evelyn Cusack, a dúirt é seo agus í ag labhairt faoin díle bháistí a thit sa gClochán, agus in áiteacha i dtuaisceart Chonamara, ar an dara lá de Mheán Fómhair.
Dúirt Evelyn Cusack go raibh nós ann le fada gur ar bhun teorainneacha contae a thabharfaí tuairiscí agus foláirimh aimsire. Bhí na Comhairlí Contae ag iarraidh gur mar sin a bheadh an córas mar go raibh sé ag feiliúint ó thaobh seirbhísí éigeandála atá faoi stiúir na gComhairlí áitiúla a chur ar an airdeall.
Tá sí féin agus feidhmeannaigh shinsearacha eile i Met Éireann ag déanamh athmhachnamh ar an gcóras sin anois, a deir Evelyn Cusack agus tá súil aici go mbeidh múnla nua i bhfeidhm as seo go ceann bliana.
Bheadh Gaillimh ina shampla de chontae a bhfeilfeadh sé dhá réigiún aimsire a bheith ann a deir sí de bharr tírdhreacha difriúla agus an éagsúlacht atá idir an aimsir taobh thoir agus taobh thiar den chontae.
“Dá mbeadh an ghaoth chomh láidir i gcathair na Gaillimhe agus a bhíonn sí ar chósta agus ar chnoic Chonamara dhéanfaí go leor dochair sa gcathair,” arsa ceannasaí Met Éireann, Evelyn Cusack. Luaigh sí an méid sin mar shampla den éagsúlacht aimsire atá sa gcontae.
Ghlac Evelyn Cusack leis nach raibh fógra tugtha acu ar an gcéad lá de Mheán Fómhair faoi bhaol dílí fíochmhara báistí i gceantar an Chlocháin agus in áiteacha eile i dtuaisceart Chonamara.
Rinne na fuarlaigh a tharla sa gClochán ar maidin an dara lá den mhí seo go leor damáiste i roinnt áiteacha in aice na habhann atá ag rith síos le himeall an bhaile mhóir.
Thug Met Éireann réamhaisnéis go mbeadh báisteach throm ann i gcaitheamh na hoíche, an chéad lá den mhí agus go leanfadh sí uirthi go maidneachan lae, ar a laghad.
Ach tharla sé go ndeachaigh eireaball den spéirling ‘Laura’ i bhfostú sa sruth aeir a thagann trasna an Atlantaigh i dtreo na hEorpa ar a dtugtar an scairdsruth nó an ‘jet stream’ agus gur thit an díle as sin ar chósta iarthuaisceart Chonamara agus ar na Beanna Beola.
Thug Evelyn Cusack le fios gur thit idir 40 agus 70 milliméadar báistí in imeacht dhá uair déag an chloig sa taobh ó thuaidh de Chonamara oíche sin na díle.
“Thabharfaí fógra oráiste nó fógra dearg b’fhéidir roimh ré dá mbeadh a fhios agat go raibh a leithéid sin de dhíle ar an mbealach,” a deir sí.
Cé go mba fíor-dhrochdhíle í sin, níl a leithéid de rud neamhghnách uilig go léir i dtréimhse Lúnasa agus tús Mheán Fómhair, a deir sí. Tharla díle mar sin i gceantar an Líonáin i mí Lúnasa roinnt blianta ó shin agus scuabadh an droichead ar an N59 ansin chun bealaigh. Thit 75 milliméadar báistí in imeacht trí huair an chloig sa Líonán an lá sin, a deir ceannasaí Met Éireann.
Ach deir Evelyn Cusack nár sáraíodh le 33 bliain an lear báistí a thit i sléibhte Chill Mhantáin nuair a bhuail Spéirling Charlie an cósta thoir i 1987. Chaith sé 280 méadar i gceantar na gcnoc sa gcontae sin in imeacht 24 uair an chloig an uair sin.
Mhínigh Evelyn Cusack gur minic go mbíonn mí Lúnasa agus píosa amach de mhí Mheán Fómhair ar cheann de na tréimhsí is fliche sa mbliain. Bíonn an talamh téite de bharr aimsir an tsamhraidh agus cothaíonn sé sin aeráid a bhfuil mianach toirní inti. Lena chois sin éalaíonn eireabaill spéirlingí trasna an Atlantaigh chugainn scaití an tráth sin den bhliain agus bíonn go leor fliucháin iontu sin.
Cé nach é léamh na meitéareolaíochta a thugaidís ar an scéal, thuig na glúnta a chuaigh romhainn i gConamara go raibh nádúr báistí ag baint le tús an fhómhair agus bhí na ‘dílte fómhair’ sa gcaint.
Bíonn an aimsir, ar an meán, beagnach 40% níos fliche ar chósta Chonamara ná a bhíonn sé ar an gcósta thoir agus é sin soiléir ach comparáid a dhéanamh idir figiúirí stáisiún aimsire Cheann Mása agus figiúirí Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Ach, léiríonn figiúirí Cheann Mása go bhfuil an aimsir níos tirime ansin le beagán blianta, más fada gearr a sheasfaidh sé sin.
– Rinne Evelyn Cusack a cuid cainte ar Raidió Pobail Chonamara i Leitir Fraic.
Fág freagra ar 'Fógraí aimsire ar leith do Chonamara ar na bacáin'