FOCAL IS FUAIM: Máire Holmes ag léamh Dánta as an gcnuasach, Durún, (Coiscéim,1988)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Máire Holmes atá againn

Maire C holmes

BUÍOCHAS

Buí don aontas
ag feitheamh le mo chéadfaí éalaithe.

Buí don chloch
a chanann le moladh.

Buí as gluaiseacht acastóir
mo chroí.

I naoí déag caoga dó
thuig beatha buíochas.

I dhá mhíle agus a dó dhéag,
Ní thuigeann buíochas beatha..

Buí as mo lá breithe,
a thug colainn do m’anam.

LUASCADH

Dreancaidí beaga muidne,
a deir an fear óg –
dreacaindí beaga mar
fheithidí ag rith go
suarach, anonn agus anall.

D’ardaigh sé a phionta,
chaith sé siar an
blas tréanmhar.
Ghlan sé a bhéal
lena mhuinchille.

Feithidí cosúil le
mionphíosaí dusta.
Bhreathnaigh sé ar an
té a bhí ag éisteacht –
ní raibh le feiceáil
ach féilire
ag crochadh ar bhalla.

Faoi sin, ar an urlár,
bhí a chara,
fear óg eile, é ag
srannadh go ceolmhar,
mionphíosaí dusta le
feiceáil ós a chionn,
iad ag léimreach
agus ag luascadh.

ACHAINÍ

Is léir go raibh
míthuiscint idir
muid
agus Dia,
nó an té a chruthaigh
an cine daonna.
Níor theastaigh
lá ná oíche,
uaigneas ná brón,
troid ná achrann,
tinneas ná galar.

Séard a theastaigh
ná grá,
áthas agus solas,
neart comhluadair
agus aistear ar
an saol seo a bheith treoraithe –
sula ndeachaigh
muid ar fad amú.
Ach d’fhreagair Dia
nó an té a chruthaigh an cine daonna:
‘Níl idir fás agus bás
ach am.
Níl idir dhaoine ach
an méid atá siad
sásta a roinnt.
Nil eadrainn
ach corp.
Bí ag faire –
ní hé an domhan
seo do bhaile.’

CORNCHLÁR

Sheas an cornchlár
san áit chéanna le
scór blian.
Tá beagán meirge ar
chorrscian,
níl aon scoilt ar
na cupáin ársa,
níor bhuail seanaois
na gloiní gearrtha.
Ach ní gá na doirse a bheith
faoi ghlas.
Is faide a mhair an
cornchlár ná an té
a cheannaigh é.

Iontais ar fad atá
istigh sa chornchlár.

Is minic nach raibh ócáid
sách maith
chun aon rud a úsáid,
ach mar sin féin,
ba ghá iad a
choinneáil snasta.
Fós, ach fanacht le
hócáid atá chuile rud
sa chornchlár.
Ar ócáid speisialta
úsáidtear an sceanra
airgid, gloiní ghearrtha
agus cupáin ársa.
An gá go mbeadh an
cornchlár faoi ghlas?

SOMALIA

Báibíní bídeacha
le súile móra
ró-thirim le deora.
Boiligín ataithe
le hocras agus imní.
Cen fáth
ar cuireadh ar an saol sibh,
le fulaingt
pian agus easpa gaoil?
Cén fáth a mbeadh
sibh básaithe amárach
gan lá sa saol
a bhí gealgháireach?
Cén fáth nach féidir
tada a dhéanamh
ach féachaint i dtreo
na súile móra?
Dá gcuirfí lámha timpeall
oraibh
bhrisfeadh na cnámha.
Impím ar Dhia cabhrú libh,
a dheis bháis a mhair sibh.

FM

Tá an raidió lasta –
daoine ag caint
go casta
faoi ardú
airgid
ar bhillí teileafóin.
Amuigh sa ngáirdín
tá mo mhada
ag caint leis fhéin
céasta ag cáin
an tsaoil.
Cloisim glór
na ndaoine
ag iarraidh cumarsáide –
iad ag rá gur féidir ceangal
réalaíoch a
dhéanamh idir uimhir
agus costas.
Is iomaí duine
a labhraíonn tríd
ghlórachán nach
bhfeiceann ariamh
an t-éisteoir –
Is uaigneach
cumarsáide gan trácht
ar chostas.
B’fhéidir gur fearr
bheith in ár dtost
agus gan bille a íoc.

PÁIPÉAR AN LAE INNÉ

Páipéar nuachta i measc na mbréagán
pictiúr daite, nó dubh agus bán,bochtanas, uaigneas, troid, achrann.
Níl mórán áiteanna ar domhan slán.
Bréagáin scaipthe ar an urlár –
smaointe scríofa ar leathanch cúng
coirp mharbha ar an talamh
Ó Ethiopia go Zagreb.
Domhan briste ar an urlár,
Jig-saw caite ar leataobh,
saighdiúir bréige, tite, traochta.
Laoch eile, lena thaobh.
Ní ar pháistí atá an locht
má tá an saol seo casta bréagach.
Daoine fásta a iompraíonn cumhacht
níl greim daingean againn ar a luach.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Máire Holmes ag léamh Dánta as an gcnuasach, Durún, (Coiscéim,1988)'

  • Eibhlín Ní Chonghaile

    Cineál iontach anseo! Is breá liom filíocht as Gaeilge a chloisint go mór mór nuair is í an fhile féin atá á léamh.

    Is dánta beaga iad uile ach táid lán de smaointe móra.

    Gurbh maith agat, a Mháire!