FÍSEÁN: Seirbhís héileacaptair d’oileáin Árann á phlé arís

Agus aersheirbhís na n-oileán Árann á plé sa Dáil inniu, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne go raibh ‘ceist an héileacaptair fós ann’

FÍSEÁN: Seirbhís héileacaptair d’oileáin Árann á phlé arís

Níl sé curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta gur seirbhís héileacaptair a bheidh sa tseirbhís nua aeir d’oileáin Árann.

Ag labhairt dó sa Dáil inniu dúirt an tAire Stáit Seán Kyne go raibh “ceist an héileacaptair fós ann”.

Ag freagairt ceisteanna a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly air a bhí an tAire Stáit.

Dúirt Connolly go raibh scéalta cloiste aici go raibh Roinn na Gaeltachta ag féachaint arís ar cheist na seirbhíse héileacaptar do na hoileáin ach go raibh súil aici nach raibh sna scéalta sin ach “ráflaí”.

Mar fhreagra air sin dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gurbh é an rud is tábhachtaí anois ná go mbeadh seirbhís ann ó Aerfort na Mine agus go mbeadh muintir na n-oileán sásta leis an tseirbhís sin.

Níor shéan sé áfach go raibh seirbhís héileacaptar sa mheá.

Dúirt sé go raibh “tuairimí” á lorg ag Roinn na Gaeltachta faoin tseirbhís agus go raibh “ceist an héileacaptair” ann fós.

Bhí conspóid mhór ann in 2015 nuair a d’fhógair Roinn na Gaeltachta gur seirbhís héileacaptair seachas eitleáin a bhí beartaithe le haghaidh na seirbhíse agus gur as Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh seachas Aerfort na Mine in Indreabhán a rithfí an tseirbhís. 

Thóg sé tamall fada an cheist a réiteach agus faoi dheireadh ní ar Executive Helicopters Limited a bronnadh an conradh leis an tseirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Dúirt an comhlacht sin anuraidh go mbeadh suim acu cur isteach ar chonradh don tseirbhís athuair. 

Dúirt an t-iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh an fómhar seo caite nach mbeadh seirbhís héileacaptair san áireamh sa chéad tairiscint eile.

“Le bheith soiléir ar dtús ní bheidh aon héileacaptar istigh sa chonradh amach anseo, eitleáin amháin a bheidh ann. Beimid ag obair i dtreo na tairisceana nua agus ní bheimid ag breathnú ar aon rud eile ach eitilt [eitleáin],” a dúirt McHugh.

“Tá seanstair agamsa le helicopters agus tuigim an stair sin,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, thug an tAire Stáit Kyne le fios chomh maith inniu go raibh “praghas” faighte ag Roinn na Gaeltachta ó Aer Árann d’Aerfort na Mine agus go raibh luacháil déanta freisin ag an Roinn féin ar an suíomh. Chaithfí anois praghas a aontú a shásódh “an dá thaobh”, arsa an tAire Stáit.

Agus an chéad chéim críochnaithe sa phróiseas idirbheartaíochta maidir le plean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach ón Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, úinéir an aerfoirt i gCois Fharraige agus Aer Arann Islands, cuirfear tús anois leis an eadrán maidir le luach an aerfoirt.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Seirbhís héileacaptair d’oileáin Árann á phlé arís'