FÍSEÁN: Oideachas lán-Ghaeilge do gach bunscoil sa tír molta ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Dúirt Brendan Howlin sa Dáil tráthnóna gur theip ar theagasc na Gaeilge ó bhunú an Stáit i leith agus go raibh sé in am cur chuige nua a chur ar bun

FÍSEÁN: Oideachas lán-Ghaeilge do gach bunscoil sa tír molta ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Tá ráite ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin gur chóir féachaint ar oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil i ngach bunscoil sa tír mar leigheas ar “theip” an chórais oideachais an teanga a mhúineadh mar ba chóir.

Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna, agus ráitis faoin nGaeilge á dtabhairt do Sheachtain na Gaeilge, dúirt Howlin gur theip ar theagasc na Gaeilge ó bhunú an Stáit i leith agus go raibh sé in am cur chuige nua a chur ar bun.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre gur cheart féachaint ar “smaointí nua” maidir le múineadh agus foghlaim na Gaeilge, ina measc go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil “ar feadh bliana nó dhá bhliain” i ngach bunscoil sa tír.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Oideachas lán-Ghaeilge do gach bunscoil sa tír molta ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre'

  • Seanán Ó Coistín

    Ní raibh a fhios agam go raibh an Ghaeilge ar a chumas ag Breandán Howlin. Bulaí fir!

    Tá smaoineamh fiúntach aige maidir le hoideachas Gaeilge. Is léir nach bhfuil aon rath ar an gcur chuige reatha. Is mithid an beartas a athrú.

  • Mánus

    An bhfuil 25% des na tuismitheoirí atá ag iarraidh oideachais tré mheán na Gaeilge ag fáil Cothrom na Féinne? An dtabhairfaidh Páirtí an Lucht Oibre tacaíocht dóibh? Tá an Roinn Oideachas ag baint úsáid as rialacha casta chun chuile bhac driseán a chur sa bhealach ar fhás an Ghaeloideachais. Is tuismitheoirí ag obair go deonach a bhunaigh na Gaelscoileanna ón chéad lá. Tá an Stát naimhdeach don fhás atá ag teacht ar an Ghaeloideachas; an Roinn Oideachas go háirithe go mór in aghaidh toil na dtuistí. Má bhíonn comhrialtas nua le Sf agus FF an nathróidh cúrsaí. Níl polasaí soiléir ag ceachtar den dá pháirtí maidir le forbairt an Ghaeloideachais.

  • Monica Ní Ghionnáin

    Aontaím go dteastaíonn rud a cinnt a dhéanamhar ní an Ghaeilge ar a dtoil ag daoine mar a cheart go mbeadh tar éis 8 mbliana a fhoghlaim sa mbunscoil. Ach cé as a thiocfaidh na múinteoirí chun an oideachas seo a chuir ar fáil L, ag ard chaighdeán, nuair nach féidir leo fiú an méid a gealladh sa bpolasaí oideachas Gaeltachta a chuir i bhfeidhm.

  • Monica Ní Ghionnáin

    Aontaím go dteastaíonn rud a cinnt a dhéanamh mar níl an Ghaeilge ar a dtoil ag daoine mar a cheart go mbeadh tar éis 8 mbliana a fhoghlaim sa mbunscoil. Ach cé as a thiocfaidh na múinteoirí chun an oideachas seo a chuir ar fáil L, ag ard chaighdeán, nuair nach féidir leo fiú an méid a gealladh sa bpolasaí oideachas Gaeltachta a chuir i bhfeidhm.

  • Ana Ní Shúilleabháin

    Le déanaí fuair scoileanna ‘altéarnacha’ nós educate together litir ón Roinn Oideachais ag rá go mbeadh orthu srian a chur leis an iontráil sna naíonáin chun cabhrú le scoileanna caitliceacha! Ní mor dóibh ‘capping’ a dhéanamh air ag 13 páiste. Ar áis no ar éigin níl an Roinn chun foirgintí nua a thógaint.

  • Liam

    Oiliúnt i nGaeilge do ábhar múinteoirí agus deiseanna í a fhoghlaim dòibh siúd atá ag múineadh cheana féin mar bhunchéim ACH a mhalairt atá ag tarlú! 1/3 de mhúinteoirí gan an cumas líofachta le í a theagascc (agus ní mise atá a rá ach príomchigire na roinne oideachais, Haprold Hilsop, os comhar coiste gaeilge na Dála, 36 Meitheamh).