FÍSEÁN: John Hume agus amhrán Gaeilge as Dún na nGall á rá aige…

Bhí tuiscint mhaith ag John Hume ar an nGaeilge agus cé nach raibh sé ar a chompord á labhairt b’amhrán Gaeilge, ’Tráthnóna Beag Aréir’, a dúirt sé nuair a iarradh air ceann a rá ar 'The Late Late Show’ ar RTÉ i 1985

RTÉ ARCHIVES

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: John Hume agus amhrán Gaeilge as Dún na nGall á rá aige…'

  • catherine weafer

    Álainn.
    Fear uasal.
    Shábháil sé sinn.

  • Breathnóir1

    Bhí guth deas binn ag John. Go raibh suaimhneas síoraí aige….

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ní raibh a fhiosam go raibh an duine uasail seo in ann casadh ar chor ar bith! Iontach ar fad :-)

  • Breathnóir1

    Dála an scéil, tá mé díreach i ndiaidh a bheith ag éisteacht leis an phíosa as an chartlann ó na 1970í ag caint le John Hume ar RnaG. Bhí Gaeilge measartha maith aige – i bhfad Éireann níos fearr ná go leor Airí Gaeltachta, mar shampla.