FÍSEÁN: Gaeilge á labhairt ag banphrionsa an ‘Royal Wedding’!

A bhuíochas don aisteoir mór le rá ó ‘Sofia the First’ Darcy Rose Byrnes, labhraíodh Gaeilge ag pósadh ríoga amháin ar a laghad an tseachtain seo caite

FÍSEÁN: Gaeilge á labhairt ag banphrionsa an ‘Royal Wedding’!

Bhí Gaeilge á labhairt le linn na bainise ríoga an tseachtain seo caite ach ar eagrán de chuid an chartúin iomráitigh Sofia the First a bhí an pósadh ríoga seo seachas i gCaisleán Windsor. 

Ba í an t-aisteoir aitheanta as Meiriceá Darcy Rose Byrnes a chuir Gaeilge i mbéal Princess Amber, ceann de na carachtair sa chartún de chuid Disney.

San eagrán den chlár, ‘The Royal Wedding’, a craoladh den chéad uair ar Disney Junior an tseachtain seo caite, is i nGaeilge a labhair an banphrionsa Amber, a ndéanann an t-aisteoir agus amhránaí Darcy Rose Byrnes guthú uirthi, le dhá cheinteár.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Darcy Rose Byrnes, arb as Los Angeles i Stáit Aontaithe Mheiriceá di, go mbeadh “áthas an domhain” uirthi dá mbeadh páistí tógtha faoin Ghaeilge a chloisteáil agus iad ag breathnú ar Sofia the First.

Dúirt sí gur “teanga álainn” í an Ghaeilge agus go bhfuil sí féin á foghlaim le tamall ar mhaithe le “ceangal a dhéanamh lena muintir”.

“Ba as contae Chorcaí agus Mhaigh Eo do mo mhuintir agus tá roinnt gaolta agam in Acaill. An chúis a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge ná go raibh mé ag iarraidh teanga mo mhuintire a fhoghlaim,” a dúirt an t-aisteoir agus amhránaí cáiliúil.   

Dúirt Byrnes gur bhreá léi seal a chaitheamh ina cónaí in Éirinn agus gur “aisling” dá cuid cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht agus páirt a fháil sa sobalchlár Gaeilge Ros na Rún.

“Thosaigh mé amach i mbun aisteoireachta ar shobalchláir. Bhí mé i bpáirt Abby Carlton in The Young and the Restless (CBS) agus bhí mé cúig bliana le The Bold and the Beautiful agus mar sin bheadh páirt i Ros ná Rún foirfe dom.”

Faoi láthair, tá Byrnes ag obair ar a céad albam aonair agus deir sí gur mhaith léi an t-albam a thaifeadadh i nGaillimh.

Idir an dá linn, is féidir éisteacht le leagan Darcy Rose Byrnes den amhrán Gaeilge ‘Cad é sin don té sin’ ar a leathanach Instagram.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Gaeilge á labhairt ag banphrionsa an ‘Royal Wedding’!'