Tá ráite ag Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta a chuir an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile, go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an “gcur i gcéill” agus “tosú as an nua arís”.
Ag labhairt dó ag cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna inné, chuir Ó Cuív i leith an Rialtais gur “tógadh cinneadh ag an dtús neamhaird iomlán a thabhairt ar an Straitéis”, go raibh sé in am “é sin a admháil” agus “tosú as an nua arís”.
Dúirt an Teachta Dála Ó Cuív gur deacair dó aon cheist a chur ar Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne faoi chur i bhfeidhm na Straitéise.
“Cén cheist is féidir a chur faoi rud nach bhfuil á dhéanamh?” a d’fhiafraigh sé.
Mhaígh Ó Cuív go raibh níos mó ar bun maidir le réimsí áirithe den Straitéis in 2010, an bhliain ar tugadh isteach í, ná mar atá ar bun anois. Dúirt sé gur “céim siar” a bhí i gceist i gcuid mhaith réimsí agus gur “cur i gcéill” a bhí ann a bheith ag trácht ar rudaí a bhí ar bun sular tugadh isteach an Straitéis.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh sé i gceist gur “Straitéis Rialtais” faoi stiúir an Taoisigh a bheadh sa Straitéis 20 Bliain ionas nach mbeadh ar “Aire bocht na Gaeltachta dul ó roinn go roinn” ag lorg tacaíochta.
Mhaígh Ó Cuív gur mar sin a tharla, áfach, go raibh cúram na teanga ar fad leagtha ar an Aire Stáit agus an Straitéis fágtha “i gcoirnéal beag in intinn an Rialtais”.
Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne go raibh dul chun cinn mór déanta maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in ainneoin na géarchéime eacnamaíochta agus na ciorruithe buiséid a lean.
Dúirt sé gur cuireadh tús leis na ciorruithe sin, ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, mar shampla, le linn don Teachta Dála Ó Cuív féin a bheith ina aire rialtais. Luaigh sé an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht agus tús a bheith curtha leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, i measc rudaí eile, mar shampla, den dul chun cinn atá déanta, dar leis.
Dúirt Seán Kyne go bhfuil cáipéis á hullmhú ag Roinn na Gaeltachta, a fhoilseofar i mí Iúil, a chuirfidh síos ar an méid atá bainte amach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go dtí seo agus ar a bhfuil le déanamh fós.
Gerry Sóna
Ma tá le héirí leis an stráiteis tá sé riachtanach Roinn ar leith a bheith ann don Gaeltacht agus don Gaeilge.Ta sé chomh simplí le sin.
Manus
Eastáit tithíochta lánGhaeilge a bhunú sna bailte móra? Ba chóir an sprioc a bheith réadúil. 6 eastáit le 100 duine an ceann.
Braoin Ó Braoin
Dá mba rud é go raibh ceannairí na tíre i ndáiríre faoi chúrsaí bheadh aire sinsearach ar roinn na gaeltachta agus na gaeilge ann ach níl ansin ach aisling ar nós na straitéise céanna… marach an bháisteach bheadh lá thar cionn chuile lá againn… :)