FÍSEÁN: Caithfear a bheith ‘réalaíoch’ faoi líon na nGaeilgeoirí líofa a bheidh ar fáil don státchóras – Chambers

Leanadh sa Dáil tráthnóna leis an bplé atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an mbille teanga atá á thabhairt isteach chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

FÍSEÁN: Caithfear a bheith ‘réalaíoch’ faoi líon na nGaeilgeoirí líofa a bheidh ar fáil don státchóras – Chambers

Caithfear a bheith “réalaíoch” maidir le líon na ndaoine atá ar fáil chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud an stáit, a deir Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Dúirt an tAire Stáit an méid sin sa Dáil tráthnóna, mar ar leanadh leis an bplé atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an mbille teanga atá á thabhairt isteach chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Leanadh sa Dáil inniu leis an bplé ar cuireadh tús leis Dé hAoine seo caite faoin ngá le leasú a dhéanamh ar an mbille chun go mbeadh sainmhíniú ann ar cad is inniúlacht na Gaeilge ann.

Is é príomhchuspóir an Bhille go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% d’earcaigh nua an chórais phoiblí faoin mbille.

De réir an leasaithe faoi cheist na hinniúlachta atá molta ag Aengus Ó Snodaigh Sinn Féin, chaithfeadh caighdeán B2 i scrúduithe TEG a bheith ag duine le go n-áireofaí é mar oibrí sa státchóras a bhí inniúil sa Ghaeilge.

I leasú de chuid urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, moladh go gceapfaí duine a bheadh freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chur i ngníomh sa chomhlacht sin, sa mhéid a bhaineann siad leis an gcomhlacht sin, agus aon dualgais reachtúla eile i leith teanga oifigiúil a chomhlíonadh. 

 

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur aontaigh sé go pointe leis an éileamh ar shainmhíniú ar cad is inniúlacht ann ach go raibh an moladh a bhí á dhéanamh róchúng go háirithe i gcás na Gaeltachta. 

Caighdeán ard Gaeilge labhartha a bhí ag teastáil i gcás go leor de na seirbhísí sa Ghaeltacht, a dúirt sé.

“Ar bhonn praiticiúil mar sin, nílim den tuairim gur céim chun cinn a bheadh ann bac a chur ar dhaoine le togha na Gaeilge labhartha acu ach gan an cumas céanna scríofa acu – ag leibhéal B2 – cur isteach ar chuid de na poist seo. Agus feictear dom gurb in a tharlódh dá ndéanfaí míniú a thabhairt ar céard is inniúlacht ann sa bhille féin mar atá molta leis an leasú seo. Beidh an rud céanna i gceist le poist i sainréimsí chomh maith.”

Chaithfí chomh maith a bheith “réalaíoch”, a dúirt Chambers, faoi líon na nGaeilgeoirí líofa atá ar fáil chun postanna sa státchóras a líonadh.

“Caithfimid a bheith réalaíoch faoi cé atá ar fáil chun na poist seo a líonadh. Táimid ag iarraidh go n-éireodh linn agus go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí Gaeilge atá ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre…

“Ar na cúinsí sin feictear dom gur cur chuige níos ciallmhaire a bheadh ann aghaidh a thabhairt ar an gceist seo sna caighdeáin áit ar féidir idirdhealú a dhéanamh idir na riachtanais éagsúla seachas sainmhíniú amháin a úsáid a chuirfeadh daoine as an áireamh ón tús.”

D’fhiafraigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly den Aire Stáit an mbeadh sé sásta glacadh le duine nach mbeadh caighdeán Béarla sách ard aige do phost ina mbeadh an obair ar fad le déanamh i mBéarla. 

“Tá teipthe ar an gcóras ní mór dúinn é sin a admháil,” arsa Catherine Connolly.

“Rud bunúsach – ceist na  hinniúlachta. Cad atá ag teastáil uainn, a Aire, maidir leis sin ionas go mbeimid in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge? Níl muid ag caint faoi thar oíche agus tá neart foighde agus neart taithí ag muintir na Gaeilge a bheith ag fanacht. Ach níl siad chun fanacht go deo.  Níl siad. Tá gá le práinn a chur isteach sa cheist seo.”

Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil leasú ar an reachtaíocht a chuirfeadh ceangal ar an Aire déileáil le ceist na hinniúlachta sna caighdeáin atá le tabhairt isteach le dualgais teanga éagsúla a leagan ar chomhlachtaí poiblí éagsúla. 

D’aontaigh Éamon Ó Cuív le háiteamh an Aire Stáit go gcaithfí a bheith réalaíoch faoi líon na nGaeilgeoirí líofa atá ar fáil

“Tá an tobar de dhaoine atá thar a bheith inniúil sa Ghaeilge teoranta. Ba cheart cur leis sin go staidéarach, ach ní [tharlóidh sé] thar oíche,” arsa Ó Cuív.

“Ar ndóigh dá mba rud é go raibh cainteoirí dúchasacha Gaeilge fairsing chuile áit, leagfá amach go gcaithfeadh duine de na daoine sin a bheith ag chuile oifig fáiltithe sa tír. Ach ní chreidim go bhfuil an soláthar ann faoi láthair agus [creidim] nach mbeidh go ceann scaitheamh fada.”

Bhí “ganntan mór millteach” daoine le Gaeilge an-líofa ann, a dúirt an t-iar-aire Gaeltachta.  

Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Marc ó Cathasaigh gur thuig sé an gá le sainmhíniú ar an gcaighdeán Gaeilge a bheadh ag teastáil do phoist eile, ach bhí amhras air faoin leasú féin.

Tarraingíodh siar leasú Shinn Féin ar an tuiscint go dtiocfadh an tAire Stáit ar ais lena mholadh féin chun dul i ngleic le ceist na hinniúlachta idir seo agus an chéad chéim eile den bhille, céim na tuarascála.

D’iarr Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh ar an Aire Stáit go bhfoilseofaí na dréachtchaighdeáin teanga ionas go mbeadh a fhios ag daoine conas atá sé i gceist ag an Rialtas aghaidh a thabhairt ar cheist na hinniúlachta agus roinnt ceisteanna eile.

Dúirt an tAire Stáit nach bhféadfaí na dréachtchaighdeáin a fhoilsiú mar go raibh an iomarca dá mbeadh iontu ag brath ar cad a bheadh sa bhille féin.

Léiríodh tacaíocht traspháirtí sa Dáil do mholadh eile de chuid Shinn Féin go gceapfaí duine ar leith i ngach comhlacht poiblí chun an reachtaíocht teanga a chur i gcrích.

Dúirt an tAire Stáit gur moladh fiúntach a bhí ann agus go raibh sé sásta leasú dá leithéid a phlé roimh an gcéad chéim.

Leanfar leis an bplé ar an mbille an tseachtain seo chugainn agus gan ach 20 leasú as breis is 300 pléite go fóill.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Caithfear a bheith ‘réalaíoch’ faoi líon na nGaeilgeoirí líofa a bheidh ar fáil don státchóras – Chambers'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dá mbeadh an Roinn Oideachais sásta riaradh don éileamh ar an ngaeloideachas, atá os cionn 20%, ní bheadh caint ar ghanntanas daoine do na poist seo.

  • Myles aniar Shinner díomúch

    Níl leathEuro buí na airgead bán le spáráil ag SF chun suíomh idirlín dhá theangach mar is ceart (de réir na gcearta teanga a moltar go mórálach sa Chairt Teanga atá á moladh acu gan stad) a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí na cruinne.
    I gcead don Teachta Dáilithe Seoinín Dubh Nualiobarachhíreáilte na Seomraí TD FF ach níl tú sa bpáirtí is réalaí agus is saibhre sa tír. Sin an páirtí Shin Fane . Tá siad go h-an réalaíoch ar fad. Faoi Shinn Féín beidh ar gach Gaeilgeoir ar domhain a chuinntiú go mbeidh siad “réalaíoch” agus sprionlaithe freisin ar nós na heifin FFFG.ers. Béarla ÚÚÚÚÚÚÚÚUBer Allas
    Bígí ag póirrseáil libh.

    https://gaeilge.fiannafail.ie
    https://www.comhaontasglas.ie/
    https://www.socialdemocrats.ie/fuinn/
    https://www.sinnfein.ie/
    https://www.sinnfein.ie/ga/

  • Dean Ó Maidín

    Is leibhéal an íseal é leibhéal B2. In ainm Dé Jack cuir na postanna ar fáil agus tiocfaidh ná cainteoirí. Ar léigh mé i gceart an alt sin? An ndúirt sé go bunúsach go raibh na gealtachta lán le gaeilgeoirí nach bhfuil in ann cúpla focal a scríobhadh? Dochreidte

  • Myles aniar Shinner díomúch.

    Fónóta.
    Seoinín “Nualiobarnachhíreáilte” na Seomraí an litriú ceart. Maithigí ár sleapdaiseachas dúinn a Sheoinín….

    Is a Sheoinín aerach….

    Agus ag an scoil bhaile bígí cinnte to read more Ceachtanna Gaeilge dírithe ar Bhéaltriail Ghaeilge na nArdteistiméireachta a chuimsíonn topaicí éagsúla agus na dánta atá ainmithe don Scrúdú Cainte.
    https://www.studyclix.ie/resources/leaving-certificate/ordinary/irish/poetry-_dash_-an-spailpin-fanach