FÍSEÁN: Bob buailte ar lucht tacaíochta Shasana agus iad curtha ag canadh ‘Tiocfaidh ár lá’…

Is cosúil gur fhiafraigh grúpa Sasanach a bhí ar cuairt ar Éirinn de dhuine de mhuintir na háite cén Ghaeilge a bheadh ar ‘It’s coming home’…

FÍSEÁN: Bob buailte ar lucht tacaíochta Shasana agus iad curtha ag canadh ‘Tiocfaidh ár lá’…

Is cosúil gur buaileadh bob ar chuairteoirí ó Shasana a raibh fonn orthu leagan Gaeilge a chanadh den rosc catha atá acu do Chorn an Domhain – ‘It’s coming home!’.

Líne é sin as an amhrán  sacair cáiliúil ‘Three Lions’ a chuir Frank Skinner, David Baddiel agus The Lightning Seeds amach i 1996 ach atá go mór i mbéal an phobail athuair agus áit bainte amach ag Sasana i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain sa Rúis.

‘Tiocfaidh ár lá’ an t-aistriúchán atá déanta ar ‘It’s coming home!’ san fhíseán de na cuairteoirí as Sasana agus iad ag canadh agus ag ceiliúradh i mBaile Átha Cliath.

Deirtear gurbh amhlaidh gur fhiafraigh na Sasanaigh de dhuine de mhuintir na háite cén Ghaeilge a bheadh ar ‘It’s coming home’ agus go ndúradh leo gur ‘Tiocfaidh ár lá’ a bheadh ann.

Ba léir nach raibh a fhios ag an gceathrar ógánach as Sasana gur mana de chuid Shealadaigh an IRA é sin agus tá scaipeadh mear á dhéanamh anois ar fhíseán den cheathrar acu agus ‘Tiocfaidh ár lá’ á bhéiceadh acu in ard a gcinn agus ngutha mar cheiliúradh ar rath na Sasanach sa Rúis.

Tá ag éirí thar barr le foireann Shasana ag Corn an Domhain sa Rúis.

Tabharfaidh siad aghaidh ar an gCróit i gcluiche leathcheannais an chomórtais i Staid Luzhniki i Moscó Dé Céadaoin agus meastar go bhfuil seans maith acu an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair ó 1966.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Bob buailte ar lucht tacaíochta Shasana agus iad curtha ag canadh ‘Tiocfaidh ár lá’…'

  • Fearn

    Sea, níl caill air mar aistriúchán!