Fionn ag feannadh agus foláireamh aimsire stádas oráiste i bhfeidhm

Tá foláireamh stádas oráiste eisithe ag Met Éireann d’ocht gcontae ar chósta thiar na tíre

Fionn ag feannadh agus foláireamh aimsire stádas oráiste i bhfeidhm

Tá foláireamh stádas oráiste eisithe ag Met Éireann d’ocht contae ar chósta thiar na tíre, Ciarraí, Corcaigh, Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, An Clár, Sligeach agus contae Liatroma.

Thug Met Éireann rabhadh go mbeadh gaoth láidir aniar ar chósta an Atlantaigh de thoradh Stoirm Fionn agus go mbeadh luas na gaoithe chomh láidir le 80 ciliméadar san uair ann agus go bhféadfadh gustaí chomh láidir le 120 cm/u a bheith ann. Beidh an ghaoth is measa ar an gcósta thiar agus baol tuillte dá barr.

Tá ceithre fholáireamh aimsire ar fad i bhfeidhm tráthnóna agus anocht. Táthar ag tuar go dtitfidh an teocht faoi bhun an reophointe agus go mbeidh sneachta agus clocha sneachta ag séideadh in áiteanna ar fud na tíre.

Anuas ar an bhfoláireamh gaoithe sin ar an gcósta thiar, tá foláireamh stádas buí sneachta agus oighir i réim go dtí moch ar maidin. Scaipfidh an sneachta atá in Ulaidh agus i gConnachta soir trasna na tíre an chuid eile den lá.

Tá ráite ag AA Roadwatch gur cheart do thiománaithe a bheith cúramach ar na bóithre.

Fág freagra ar 'Fionn ag feannadh agus foláireamh aimsire stádas oráiste i bhfeidhm'