Fíneálacha á ngearradh ar Boris Johnson agus Rishi Sunak as an dlí dianghlasála a bhriseadh

Tá sé dearbhaithe ag lucht Uimhir 10 Sráid Downing go bhfuil scéala faighte ag an mbeirt ó na póilíní go bhfuil fógra um pionós socraithe i ndán dóibh

Fíneálacha á ngearradh ar Boris Johnson agus Rishi Sunak as an dlí dianghlasála a bhriseadh

Boris Johnson agus Rishi Sunak. Pictiur: A Parsons/No 10 Downing Street

Tá fíneáil le gearradh ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus Seansailéir an Státchiste Rishi Sunak as freastal ar chóisirí le linn na dianghlasála Covid-19.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer gur chóir don Phríomh-Aire agus a Sheansailéir éirí as i bhfianaise na conspóide.

“Tá an dlí briste ag Boris Johnson agus Rishi Sunak agus d’inis siad bréaga arís agus arís eile do mhuintir na Breataine. Caithfidh siad beirt éirí as,” arsa Starmer.

Dhearbhaigh lucht Uimhir 10 Sráid Downing tráthnóna go raibh scéala faighte ag an mbeirt ó na póilíní go bhfuil fógra um pionós socraithe i ndán dóibh.

Dúradh nach raibh aon sonraí eile le tabhairt faoin scéal faoi láthair.

Meastar gur dócha go bhfuil baint ag fíneálacha Johnson agus Sunak le cóisir a eagraíodh do bhreithlá an Phríomh-Aire i seomra an rialtais i mí an Mheithimh 2020, cóisir ar fhreastail Sunak uirthi chomh maith.

Tá fiosrú ar bun ag na póilíní faoi líomhaintí gur sáraíodh an dlí i leith na dianghlasála i gcás 12 cóisir a eagraíodh in Whitehall agus Sráid Downing le linn tréimhsí dianghlasála.

Breis is 50 fíneáil atá gearrtha ar dhaoine go dtí seo mar chuid den fhiosrúchán.

Ghabh Príomh-Aire na Breataine leithscéal in Westminster cheana faoi na cóisirí a tharla nuair a bhí Rialtas na Breataine ag tathant ar an bpobal cloí go docht leis na rialacha faoin tsláinte phoiblí.

Dúirt Johnson gur thuig sé do dhaoine a raibh fearg orthu. Níor leor a rá go raibh brón air, a dúirt sé. “Caithfimid foghlaim chomh maith,” ar sé ag an am.

Tugadh os cionn 300 grianghraf agus 500 cáipéis a bhain leis na hócáidí i Sráid Downing le linn na dianghlasála ar láimh do na póilíní.

Bhain conspóid mhór leis an scéal agus chuir an freasúra i leith Johnson gur “fear gan náire é”.

Fág freagra ar 'Fíneálacha á ngearradh ar Boris Johnson agus Rishi Sunak as an dlí dianghlasála a bhriseadh'