Filleann an feall ar an gcainteoir Gaeilge…plean foghlama Heather… ‘The Paper’ chugainn

Cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc ar fáil gach seachtain

Filleann an feall ar an gcainteoir Gaeilge…plean foghlama Heather… ‘The Paper’ chugainn

Scéal róghearr na Gaeilge ar ‘The Traitors Ireland’

Garda mór ó Thiobraid Árann a dúirt an rud is scanrúla a chualamar ar an teilifís an tseachtain seo. “I think we could do it again, if we take out our little Gaeilgeoir,” arsa Eamon. “We have to be cruel. So slán go fóill.”

Ar an tríú clár de Traitors Ireland a bhí Eamon ag caint agus é ag moladh do na fealltóirí eile go ndúnmharófaí Niall, múinteoir óg ó Thír Eoghain.

Tá a fhios againn nach bhfuil ann ach cluiche agus clár teilifíse, ach bhí urchóid agus ualach á n-iompar ag an “our little Gaeilgeoir” sin.

In ainneoin gurb í an Ghaeilge ainnir na huaire, ní foláir gur deacair na seanchlaontaí a bhaint as duine. Glacadh le fonn le moladh Eamon agus daoradh chun báis ‘our little Gaeilgeoir’.

An lá sular shocraigh an garda neamhthrócaireach fáil réidh le Niall, chabhraigh an cainteoir Gaeilge leis na hiomaitheoirí eile go léir tasc a bhí bunaithe ar an teanga a chríochnú. Bhí cabhair chomh maith acu sa chúram sin ó Diane, bean Ghaeltachta as Árainn.

Vótáil na hiomaitheoirí fáil réidh le Diane sa dara clár.

Is maith ann an Gaeilgeoir in am an ghátair ach níor mhaith leat go dtiocfadh éirí in airde air, is dócha.

Sea, agus gan ach trí oíche caite againn i gCaisleán Shláine,  bhí an bheirt chainteoirí Gaeilge imithe, bean Ghaeltachta a díbríodh mar nach raibh sí le trust agus Tuaisceartach óg a maraíodh ar ordú copper de chuid an tSaorstáit.

Á bhuel.

Má bhí a móimint ag an nGaeilge ar Traitors Ireland, ní rófhada a mhair sí.

Ba thrua san mar bhí cás Diane agus Niall suimiúil an seal gairid a tugadh dóibh.

Tóg an tasc ‘Gaeilge’ sin, mar shampla, cluiche ina raibh ar na hiomaitheoirí focail Ghaeilge shimplí a dhéanamh amach ar chlocha oghaim. Dúirt tráchtaire amháin gur léiriú a bhí i nganfhiosaíocht na n-iomaitheoirí ar theip an chórais oideachais, ach léiriú ab ea é chomh maith ar fheiniméan eile nach gcloistear an oiread céanna faoi.

Sea, cloistear go minic faoin náire iarchoilíneach a bhaineann le caidreamh mhuintir na hÉireann leis an nGaeilge, ach is annamh a luaitear na hÉireannaigh teanntásacha go léir nach aon údar lagmhisnigh dóibh a n-easpa Gaeilge.

Seo an dream is cúis le an-chuid de na botúin teanga a chítear gach lá ar cháipéisí agus ar chomharthaí ó cheann ceann na tíre, an dream nach ndéarfaidh go deo ‘níl cliú agam’.

Bhí an dream céanna go láidir sa choill ar The Traitors Ireland don tasc ‘Gaeilge’, iad ag rith timpeall go fánach ag glagaireacht leo nó gur fhógair an láithreoir, Siobhán McSweeney, go cráite orthu ciall a bheith acu.

“There are Irish-speakers here! Ask them!”

Dea-chomhairle má a bhí a leithéid riamh ann.

Ba é an chuid ab fhearr ar fad de scéal róghairid na Gaeilge ar Traitors Ireland, áfach, ná imeacht Diane, bean Árann. Niall, an Gaeilgeoir óg as Tír Eoghain a shiúlfadh an chonair uaigneach chéanna an oíche dár gcionn, an duine deireanach a labhair sular díbríodh í.

“Mo chara” arsa Niall mar thús agus leithscéal á ghabháil le Diane aige sular mhínigh sé di cad ina thaobh gur cheap sé gur feallaire í.

“I really hope I am right,” a deir sé.

D’fhéach bean na Gaeltachta sa dá shúil air agus d’iompaigh ar an nGaeilge chomh nádúrtha is go bhfaca tú riamh.

“Is gearr go mbeidh a fhios againn,” ar sí.

Heather agus an Ghaeilge

Cheapamar nach bhfoghlaimeodh Heather Humphreys an Ghaeilge go deo ar aon chúis. Nuair nár fhoghlaim sí an Ghaeilge agus í ina haire Gaeltachta cheapamar nach mbacfadh sí go deo léi. Toisc nár léirigh sí aon suim i gcás na teanga le linn na mblianta sin go léir cheapamar gurb in deireadh an scéil.

Ach bhí dul amú orainn.

D’fhoghlaimeodh Heather Humphreys an Ghaeilge i gcás eisceachtúil amháin.

D’fhoghlaimeodh Heather Humphreys an Ghaeilge dá mbeadh sí ina huachtarán ar Éirinn.

“Geallaim, má thoghtar i m’uachtarán mé,” a dúirt sí an tseachtain seo, “go bhfillfidh mé ar an nGaeltacht agus go bhfoghlaimeoidh mé an Ghaeilge.”

Ní theastaíonn uainn go léir ach spreagadh beag anois agus arís.

Ag súil le…

Bréagscannán faisnéise é The Paper ar chuma The Office.  Go deimhin is macshraith é The Paper a shíolraíonn ón leagan Meiriceánach den chlár cáiliúil céanna. In oifig nuachtáin, The Truth Teller, in Toledo atá lucht déanta na scannán faisnéise an geábh seo. Tá an The Truth Teller lonnaithe i gcúinne oifig phríomhghnó a úinéirí – díol páipéir leithris.

‘Enervate sells products made out of paper; toilet tissue, toilet seat protectors and local newspapers. And that is in order of quality,’ a deir fostaí amháin sa réamhbhlaiseadh. Taispeánann fostaí eile ceannlíne ailt a bhfuil an-mhórálach as – ‘You Won’t Believe How Much Ben Affleck Tipped His Limo Driver’. Domhnall Gleeson na hÉireann atá i bpáirt an phríomheagarthóra.

Fág freagra ar 'Filleann an feall ar an gcainteoir Gaeilge…plean foghlama Heather… ‘The Paper’ chugainn'