Filíocht sna hollmhargaí agus taispeántais ealaíne sna fuinneoga mar chuid d’Fhéile na Bealtaine

Cuireadh ar ceal Féile na Bealtaine anuraidh ach tá féile ealaíne agus cheoil Chorca Dhuibhne ar ais arís i mbliana

Filíocht sna hollmhargaí agus taispeántais ealaíne sna fuinneoga mar chuid d’Fhéile na Bealtaine

Fillfidh Féile na Bealtaine ar a dúchas i mbliana agus í á reáchtáil sa Daingean an deireadh seachtaine fada.

Cuireadh féile na bliana anuraidh ar ceal de bharr na paindéime, ach beidh an fhéile ealaíne agus cheoil á reáchtáil in iarthar Chiarraí arís i mbliana agus í ag díriú ar ealaíontóirí, ceoltóirí agus filí áitiúla.

Cé nach bhfuil cead ag sluaite teacht le chéile go fóill, tá iarracht á déanamh ag lucht na féile imeachtaí a chur ar siúl a thabharfaidh deis don phobal sult a bhaint as an bhféile agus iad ag cloí leis na srianta sláinte atá i bhfeidhm.

Ceann de na himeachtaí atá beartaithe go mbeidh filí le cloisteáil sna hollmhargaí ar fud an bhaile ag an deireadh seachtaine. Beidh leithéidí Philip King, Dairena Ní Chinnéide, Méabh Ní Bheaglaoich, Colm Mac Gearailt agus Dara Ó Cinnéide le cloisteáil ag léamh filíochta ar bhuille na huaire in Ollmhargadh Uí Ghairbhí, i Lidl, i Moran’s Garage agus i Centra.

Beidh taispeántais ealaíne i bhfuinneoga siopaí agus in áiteanna poiblí ar fud an Daingin agus crochfar bratacha agus maisiúcháin eile ar fud an bhaile mar chuid den togra ‘Ar Scáth a Chéile’. Lasfar tinte cnámh ar bharr cnoic sa cheantar chomh maith chun tús an tsamhraidh a cheiliúradh.

Nuair a cheadófar do shluaite teacht le chéile arís níos deireanaí sa samhradh, tá sé i gceist imeachtaí eile de chuid d’Fhéile na Bealtaine a eagrú.

Is féidir clár Fhéile na Bealtaine 2021 a fheiceáil ar leathanach Facebook na féile.

Fág freagra ar 'Filíocht sna hollmhargaí agus taispeántais ealaíne sna fuinneoga mar chuid d’Fhéile na Bealtaine'