Tá file Gaeltachta ar dhuine de dheichniúr ban a bhfuil dámhachtain Marckievicz le bronnadh orthu.
Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú, file agus scríbhneoir, atá roghnaithe do Ghradam Marckievicz 2023.
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin inné an deichniúr a bhfuil an gradam le bronnadh orthu.
Ar an liosta chomh maith, bhí Pádraigín Ní Uallacháin, ceoltóir, amhránaí agus údar aitheanta a tógadh trí Ghaeilge i gcontae Lú í.
Iarmhúinteoir meánscoile agus iarchraoltóir raidió í Áine Uí Fhoghlú a bhfuil cúig shaothar ficsin agus trí chnuasach filíochta léi foilsithe.
Tá go leor duaiseanna Oireachtais agus eile buaite aici as feabhas a saothair. Bronnadh Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide uirthi in 2008.
Bronntar na Gradaim Markievicz faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun saothar a chruthú a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse 1912-1923 go háirithe.
“Tugann na Gradaim seo urraim do Constance Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am atá caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán,” a dúirt an tAire Catherine Martin.
Anne Crilly – Scannánaíocht
Julie Feeney – Drámaíocht
Amanda Feery – Ceol
Edwina Guckian – Na hEalaíona Traidisiúnta
Claire Keegan – Litríocht [Béarla]
Danielle McLaughlin – Litríocht [Béarla]
Pádraigín Ní Uallacháin – Na hEalaíona Traidisiúnta
Doireann O’Malley – Na hAmharc-Ealaíona
Dawn Miranda Sherratt-Bado – Litríocht [Béarla]
Áine Uí Fhoghlú – Litríocht [Gaeilge]
Alan Titley
Treise leat, a Áine, is maith mar atá saothraithe agat. Agus Pádraigín, leis, tá gradaim ag dul daoibh beirt.
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Comhghairdeachas leat, a Áine ó Dhéiseach i gcéin!
Mairead Uí Dhomhnaill
Comhghairdeas leat a Áine agus a Phádraigín. Gaisce déanta aitheantas tuillte.
Mairead Uí Dhomhnaill
Áine Uí Fhoghlú
Go raibh míle maith agaibh, a Alan, a Chriostóir agus a Mháiréad as bhur ndea-ghuí agus ag Tuairisc.ie as bhur gcuid tacaíochta.