File Gaeltachta ar dhuine de dheichniúr a bhfuil Gradam Marckievicz bronnta uirthi

Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú, file agus scríbhneoir, atá roghnaithe do Ghradam Marckievicz 2023

File Gaeltachta ar dhuine de dheichniúr a bhfuil Gradam Marckievicz bronnta uirthi

Tá file Gaeltachta ar dhuine de dheichniúr ban a bhfuil dámhachtain Marckievicz le bronnadh orthu.

Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú, file agus scríbhneoir, atá roghnaithe do Ghradam Marckievicz 2023.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin inné an deichniúr a bhfuil an gradam le bronnadh orthu.

Ar an liosta chomh maith, bhí Pádraigín Ní Uallacháin, ceoltóir, amhránaí agus údar aitheanta a tógadh trí Ghaeilge i gcontae Lú í.

Iarmhúinteoir meánscoile agus iarchraoltóir raidió í Áine Uí Fhoghlú a bhfuil cúig shaothar ficsin agus trí chnuasach filíochta léi foilsithe.

Tá go leor duaiseanna Oireachtais agus eile buaite aici as feabhas a saothair. Bronnadh Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide uirthi in 2008.

Bronntar na Gradaim Markievicz faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun saothar a chruthú a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse 1912-1923 go háirithe.

“Tugann na Gradaim seo urraim do Constance Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am atá caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán,” a dúirt an tAire Catherine Martin.

Liosta na n-ealaíontóirí atá ag fáil Gradam Markievicz do 2023:

Anne Crilly – Scannánaíocht

Julie Feeney – Drámaíocht

Amanda Feery – Ceol

Edwina Guckian  – Na hEalaíona Traidisiúnta

Claire Keegan – Litríocht [Béarla]

Danielle McLaughlin – Litríocht [Béarla]

Pádraigín Ní Uallacháin – Na hEalaíona Traidisiúnta

Doireann O’Malley – Na hAmharc-Ealaíona

Dawn Miranda Sherratt-Bado – Litríocht [Béarla]

Áine Uí Fhoghlú – Litríocht [Gaeilge]

Fág freagra ar 'File Gaeltachta ar dhuine de dheichniúr a bhfuil Gradam Marckievicz bronnta uirthi'

  • Alan Titley

    Treise leat, a Áine, is maith mar atá saothraithe agat. Agus Pádraigín, leis, tá gradaim ag dul daoibh beirt.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Comhghairdeachas leat, a Áine ó Dhéiseach i gcéin!

  • Mairead Uí Dhomhnaill

    Comhghairdeas leat a Áine agus a Phádraigín. Gaisce déanta aitheantas tuillte.

    Mairead Uí Dhomhnaill

  • Áine Uí Fhoghlú

    Go raibh míle maith agaibh, a Alan, a Chriostóir agus a Mháiréad as bhur ndea-ghuí agus ag Tuairisc.ie as bhur gcuid tacaíochta.