Fíbín buailte ar thráchtairí agus laethanta riabhacha an Bhreatimeachta linn

Tá dearmad déanta ag sóisialaigh gur chóir iad a bheith dírithe ar chothrom na Féinne agus ar chearta an duine agus an domhain araon

Fíbín buailte ar thráchtairí agus laethanta riabhacha an Bhreatimeachta linn

Laethanta na Bó Riabhaí a thugtar sa seanchas ar laethanta deiridh mhí an Mhárta agus ar laethanta tosaigh an Aibreáin.

De réir an tseanchais, léim an tseanbhó le háthas mar gur éirigh léi an Márta fuar feannta a chur di, an chuid is crua agus is gortaí den gheimhreadh fada. Chuir lúcháir na seanbhó cantal ar an Márta agus d’iarr sé iasacht trí lá ar an Aibreán. Bhí an tAibreán breá sásta cabhrú lena dheartháir. Dhá lá dhéag a fuair mí Márta ar iasacht agus cailleadh an tseanbhó bhocht ar an 12 d’Aibreán.

Laethanta riabhacha an Bhreatimeachta atá linn le tamall. Ba é an 12 Aibreán, an lá a cailleadh an bhó sa seanscéal, Lá an Bhreatimeachta.

Ach cuireadh síneadh eile leis an mBreatimeacht go dtí oíche Shamhna agus is í an cheist mhór anois ná cé hí an bhó bhocht i leagan comhaimseartha an scéil.

Theresa May? An Bhreatain? Sasana? Tuaisceart Éireann? Éire go léir? Na Breatimeachtóirí Móra? An tAontas Eorpach féin?

Nó céard faoin mBreatimeacht féin? Cá bhfios ach go bhféachfar siar ar an 12 Aibreán 2019 mar an lá a cailleadh seanbhó an Bhreatimeachta?

Is beag duine ciallmhar sa tír seo nach bhfuil ag súil nach mairfidh an Breatimeacht nó an Breatimeacht gan mhargadh go háirithe, an geimhreadh.

Tá an chosúlacht ar an scéal gurbh amhlaidh a bheidh. Fiú i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh, bheadh an tAontas Eorpach ag lorg cúlstad, go n-íocfaí bille agus go gcinnteofaí cearta an tsaoránaigh sula ngabhfaí i mbun cainteanna. Tá Merkel agus Macron ag seasamh go diongbháilte le cur chuige na hÉireann agus tuige nach mbeadh? An cat ag crónán ar mhaithe leis féin.

Faoi dheireadh is léir an méid seo do mhuintir na Breataine. Imeacht an Bhreatimeachta féin más ea rogha na coitiantachta…

Is minic ceangal déanta idir scéal an Bhreatimeachta agus scéalta eile amhail na gilets jaunes sa Fhrainc agus bláthú an Trumpachais i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Luaitear cúiseanna éagsúla leis na rudaí sin go léir: an ghráin a bheith ag daoine áirithe ar mhionlaigh, daoine a bheith míshásta lena gcuid, frustrachas a bheith ar dhaoine faoi agus meon frith-mórán-chuile-chothrom-na-Féinneachas a bheith i réim.

Theip ar lucht na heite clé a gcúram  a dhéanamh i dtíortha éagsúla agus feicfidh tú dá bharr daoine ón eite chlé agus iad páirteach i ngluaiseachtaí nach bhfuil iontu dáiríre ach ardán chun meascán mearaí de smaointe antoisceacha agus faisisteacha a chur chun cinn.

Ar ámharaí an tsaoil, tá a mhalairt scéil go mór chun tosaigh i Meiriceá ag réalta óg na nDaonlathach, Alexandria Ocasio-Cortez. An rud is annamh is iontach, gluaiseacht shóisialach i SAM. Cé a cheapfadh é? Mura bhfuil an méid sin dochreidte ann féin, seo bean de bhunadh Phórtó Ríce nach bhfuil an scór go leith bainte amach fós aici. Agus tá sí le cloisteáil ainneoin bhúireach lucht Fox agus Breitbart agus tá áthas agus dóchas ar dhaoine dá bharr go bhfuil réiteach go fóill ar an athrú aeráide agus an tsaint a chruthaigh é.

Is údar dóchais níos mó é mar nach bhfuil feachtas polaitiúil Ocasio-Cortez ar son na timpeallachta agus an chomhionannais ioncaim plúchta ag argóintí agus gluaiseachtaí ciníocha, leatromacha agus gránna mar atá tarlaithe anseo san Eoraip.

Is iomaí scríbhneoir, polaiteoir agus iriseoir ar fud na hEorpa ar mhaith leo an pobal a mhealladh le seasamh leis an mBreatimeacht nó leis na gilets jaunes ar mhaithe le teachtaireacht shóisialach a chur in iúl. Deir daoine áirithe gur cheart d’Éirinn seasamh le Sasana seachas leis an AE sna cainteanna idirbheartaíochta agus é á mhaíomh freisin gur cheart dúinn droim láimhe a thabhairt leis an Aontas Eorpach ar fad. Ar mhaithe leis an sóisialachas!

‘Éirigí as!’ an ceacht atá le foghlaim ó Ocasio-Cortez. Ba chóir an chaint go léir a bheith dírithe ar chothrom na Féinne, ar chearta an duine agus an domhain araon.

Mar nuair a chaillfear an bhó riabhach, sin é an áit a mbeidh an t-aicsean.

Fág freagra ar 'Fíbín buailte ar thráchtairí agus laethanta riabhacha an Bhreatimeachta linn'

  • Eoin Ó Murchú

    Píosa deas scríofa, ach ní luann an t-údar leas aicmeach na n-oibrithe in Eirinn, sa mBreatain nó san Eoraip – leas nach bhfuil le fáil sa scéim nua-liobralachais atá mar bhunchloch ag an Aontas Eorpach. Cén chaoi fáil réeidh le déine nó le nua-liobralachas? An féidir an tAE a leasú nó a athchóiriu? Conradh nua ag teastáil, aontaithe ag gach ballstát ag an am céanna, a Ghearmáin ina measc, ag séanadh nua-liobrálachais? Baineann cothrom na Féinne, cearta an duine agus an domhain le stop a chur le nua-liobrálachas – sé sin an scéim a thugann túsáit do leas an rachmais ghomhanda. Bhfuil tuairim ag Marcus cén chaoi é sin a dhéanamh? Bfhuil tuairim ag Marcus go bhfuil sé le déanamh?