Féin-náiriú na Dála

Oibríonn Teachtaí Dála go dian, ach uaireanta cuireann said am, agus airgead poiblí amú - mar a tharla Dé Céadaoin

13/01/2014. Ireland Foreign Policy - Review. Fine Gael leader Enda Kenny launching a review of Irelands foreign policy: The Global Island : Irelands Foreign Policy for a Changing World, at a Conference in Dublin Castle organised by the Department of Foreign Affairs and Trade in Dublin today. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland

Íoctar tuarastal €87,258 le Teachta Dála, €157,540 le hairí rialtais, agus €185,350 leis an Taoiseach. Anuas ar a dtuarastail, íoctar €78m leo mar chúiteamh ar chostais foirne, oifige agus taistil. Seo a leanas cur síos ar an tslí inar chaith cuid acu ár gcuid airgid ar feadh cúpla uair a chloig an tseachtain seo.

D’fhiafraigh an Teachta sóisialach Paul Murphy den Taoiseach cé mhéad duine a d’íoc táilli uisce go dtí seo. Dúirt Enda Kenny leis nach dtabharfadh sé bia ar spúnóg dó. Mhol sé dó freastal ar chruinniú a bhí á reachtáil ag Uisce Éireann i dTeach Laighean an lá sin chun freagra a fháil ar a cheist.

Seo thíos sliocht as tuairisc oifigiúil na Dála arar dúradh díreach ina dhiaidh sin:

Ruth Coppinger: What is the point of Leaders’ Questions then?

Taoiseach: To tell you where to go.

(Briseadh isteach).

Róisín Shortall: Will the Taoiseach repeat what he just said?

Teachta (gan ainm): He should withdraw that.

Shortall: Will the Taoiseach repeat what he just said? A Cheann Comhairle, on a point of order. The Taoiseach has brought the House into disrepute with that comment. I ask that he withdraw it.

Taoiseach: What comment?

Shortall:  Every Member of this House has a mandate and a right to be treated with respect.

Micheál Martin: It is bringing the House into disrepute. The Taoiseach said the purpose of Leaders’ Questions was to tell the Deputy where to go. He should withdraw it.

Taoiseach: Yes, I said the Deputy can go to the audio-visual room at 4 o’clock to hear Irish Water.

(Briseadh Isteach).

Shortall: That is not what the Taoiseach said.

Ceann Comhairle: Will you resume your seat Deputy? You are out of order.

Martin: Julius Caesar had many rights.

Shortall: A Cheann Comhairle, you have a responsibility to

Ceann Comhairle: Will you resume your seat Deputy? You are out of order.

Agus mar sin de. Leanadh leis an argóint go dtí gur chuir an Ceann Comhairle, Seán Barrett, an plé ar atráth ar feadh deich nóiméad.

D’fhill an Ceann Comhairle. Thosaigh an argóint arís. Dúirt Seán Barrett leis an bhfreasúra nár chuala sé a ndúirt an Taoiseach agus nach raibh sé ar a chumas mar sin a rialú go raibh na briathra as ord. Leanadh leis an gcasaoid. Chuir Seán Barrett an suí ar atráth arís.

D’fhill Barrett  ar an gcathaoir tar éis deich nóiméad.  “Round three”, arsa an Teachta neamhspleách, Finian McGrath. Leanadh leis an argóint arís. Sliocht eile:

Coppinger: So some Deputies are more important than others in this House. 

Ceann Comhairle:  That comment should be withdrawn.  

Coppinger: So I have to withdraw the comment?

Ceann Comhairle: Yes.

Coppinger: That is hilarious.

Ceann Comhairle: It accuses the Chair of bias.

Coppinger: This is a farce, an absolute farce. 

Ceann Comhairle: The Deputy should learn some manners as well as the Standing Orders. 

Paul Kehoe: Hear, hear.

Coppinger: You are not interested in it. 

Brendan Ryan: We are sick of it.

Leanadh leis an achrann ar feadh tamaill eile, go dtí gur spreag gearán a rinne Micheál Martin faoi amchlár an lae argóint eile a bhí ar aonchaighdeán leis an méid a bhí díreach ráite.

Go gairid tar éis dó dul i gceannas sa Teach Bán i 2008, dúirt an tUachtarán Obama: “These are serious times and they call for a serious debate about where we need to take the nation.”

Bheadh meas níos mó ag an bpobal ar Dháil Éireann dá dtabharfadh an Taoiseach agus Teachtaí Dála ar chaon taobh aird ar chomhairle dá leithéid.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Féin-náiriú na Dála'

  • sean o rathaille

    Sid i an nasc: https://www.youtube.com/watch?v=C1Awg3QzfBk
    Caithfidh me a ra gur leirigh Kenny sotal, aineolas, duire agus eiri-in-airde gan cur leis arist eile sa Dail inniu. Conas ar toghadh e siud ina Thaoiseach? An bhfuil aon mheas aige air fein, ar an Dail ar na teachtai no ar mhuintir na hEireann?
    Cen saghas leathamadain e?
    An b’in eile ata againn mar mhianach ceannaireachta sa tir?
    Nuair na bionn an freagra aige, rud na bionn go rimhinic, deanann se ionsai pearsanta no tosaionn se ag bladaireacht trina thoin. Ceist mhaith ag Paul Murphy, curtha go deas aige, mar Theachta Dala. ‘Toddle along’ an freagra thug Kenny. Agus an Ceann Comhairle sin ag foirithint sa chleasaiocht air. Mar mhagadh fuinn ata siad, bitear ag caint ar ‘Daonlathas’.
    Deirtear go bhfaighimid an rialtas ata tuilte againn. Bhfuil an pleidhce/na pleidhci o thalamh seo tuilte againn?
    Ca’il an bad imirce?

  • seán ó ceallaigh

    Tufóigín fir! Gheobhaidh sé a bhurdáil sa toghchán.

  • Mise Áine

    @ Bheadh meas níos mó ag an bpobal ar Dháil Éireann dá dtabharfadh an Taoiseach agus Teachtaí Dála ar chaon taobh aird ar chomhairle dá leithéid.

    Aontaím!

  • padraig

    Fán fada orthu gan filleadh ná feacadh ná pinsean.