Féile Imbolc Bhéal Feirste le reáchtáil ar líne an tseachtain seo

Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna le ceardlann Crosóga Bríde agus físeán feasachta Imbolc 

Féile Imbolc Bhéal Feirste le reáchtáil ar líne an tseachtain seo

Beidh ceardlann, scéalaíocht, taispeántas ealaíne agus ceolchoirm i measc na n-imeachtaí a bheidh mar chuid d’Fhéile Imbolc atá á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo.

Agus cosc ar dhaoine cruinniú le chéile na laethanta seo, táthar chun clár ilealaíon fíorúil a chur ar fáil chun an fhéile agus tús an earraigh a cheiliúradh.

Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna le ceardlann Crosóga Bríde agus físeán feasachta Imbolc agus reáchtálfar imeachtaí éagsúla i gcaitheamh na seachtaine. 

Mhol Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, an obair atá ar bun ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich imeachtaí cultúrtha a chur ar fáil don phobal in ainneoin na paindéime.

“Ba thógáil croí iad grúpaí ealaíon agus cultúrtha ar nós na Cultúrlainne le linn na paindéime,” a dúirt McDonough. 

“Cuireann siad i gcuimhne dúinn go bhfuil níos mó i gceist leis na healaíona seachas caitheamh aimsire leis an am a chur isteach. Léiríonn siad go bhfuil an chruthaitheacht go fóill ar cheann de na rudaí is mó a thugann misneach dúinn sna laethanta seo.”

Beidh na himeachtaí le feiceáil ar ardáin éagsúla mheáin shóisialta na Cultúrlainne, amhail Facebook, Instagram agus Youtube.

Tá Clár Imbolc 2021 na Cultúrlainne á reáchtáil idir mí Eanáir agus mí an Mhárta agus an clár iomlán le feiceáil anseo.

Sceideal Fhéile Imbolc Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

01/02/21 12pm & 7pm Ceardlann Crosóga Bríde 5pm Físeán Feasachta Imbolc

02/02/21 3pm Scéalaíocht Imbolc le JJ Ó Dochartaigh

03/02/21 7pm Leabhra Feabhra le Réaltán Ní Leannáin

04/02/21 3pm Ealaín Imbolc le Drithle Adams 7pm Oscailt Oifigiúil an Taispeántais ‘Aesthetic Distance’ le Vera Ryklova

05/02/21 8:30pm Ceolchoirm Imbolc 

06/02/21 & 07/02/21 11am-1pm Dianchúrsa Gaeilge

Fág freagra ar 'Féile Imbolc Bhéal Feirste le reáchtáil ar líne an tseachtain seo'

  • Cait

    Ar Youtube, deir fisean “9 hours, Feb 1, 9am”. Ach, nach bhfuil se thart fa 7 am thall anseo? …?