‘Fearg agus díomá’ ar Sheanadóir gur dhiúltaigh an Rialtas an Ghaeilge a chur san áireamh i reachtaíocht cearta tomhaltóirí

Níor éirigh leis an Seanadóir Niall Ó Donnghaile na leasuithe a bhí molta aige ar an reachtaíocht a chur tríd sa Seanad

‘Fearg agus díomá’ ar Sheanadóir gur dhiúltaigh an Rialtas an Ghaeilge a chur san áireamh i reachtaíocht cearta tomhaltóirí

Tá ráite ag Seanadóir go bhfuil “díomá, fearg agus frustrachas” air nár ghlac an Rialtas leis an deis comharthaíocht dhátheangach a chur ar earraí a dhíoltar in Éirinn a chur sa dlí.

Mhol Niall Ó Donnghaile, Seanadóir de chuid Shinn Féin, roinnt leasuithe ar Bhille Cearta Tomhaltóirí 2022 a bhí á bplé i dTithe an Oireachtais inné ach ní raibh an Rialtas sásta glacadh leo.

Dá nglacfaí le leasuithe an tSeanadóra, bheadh dualgas dlí ar ghnóthaí pacáistiú agus comharthaíocht dhátheangach a chur ar fáil. Bheadh ar lucht ghnó freisin rogha na Gaeilge a chur ar ATManna, meaisíní ticéad agus innill fhéinfhreastail i siopaí.

Dúirt Ó Donnghaile gur leasuithe “ciallmhara, dearfacha” a bhí iontu ach dhiúltaigh an tAire Stáit sa Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Gnó, Dara Calleary glacadh leo.

Dúirt an tAire Stáit gur aontaigh sé leis na leasuithe ach nach bhféadfadh an Rialtas glacadh leo toisc nach rabhthas cinnte cén tionchar a bheadh acu ar ghnóthaí agus cé acu an mbeadh siad ag teacht leis an dlí.

Le linn an phlé a bhí ar na leasuithe an tseachtain seo caite, dúirt Calleary go raibh oifigigh a Roinne buartha go bhféadfadh coimhlint a bheith ann idir na leasuithe seo agus treoracha de chuid an AE agus rialacha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO). Dúirt sé chomh maith nach bhféadfaí glacadh leis na leasuithe mar nár pléadh le lucht gnó iad le linn phróiseas breithnithe na réamhreachtaíochta.

Dhiúltaigh Ó Donnghaile do fhreagra an Aire Stáit, go háirithe i dtaobh an phróisis breithnithe réamhreachtaíochta agus dúirt go raibh cruinnithe lorgtha aige féin leis an Aire Stáit ach nár socraíodh aon cheann.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “ag iarraidh dul ar an turas céanna” leis an Seanadóir Ó Donnghaile agus go raibh súil aige cruinniú a bheith aige an mhí seo chugainn le Ó Donnghaile, le Seanadóirí eile agus le Conradh na Gaeilge chun an t-ábhar a phlé.

Nuair a cuireadh leasuithe Uí Dhonnghaile ar vóta, vótáil seisear seanadóirí ar son na leasuithe agus 22 seanadóir a vótáil ina gcoinne.

“Bhí na leasuithe seo ag cur an dátheangachais agus an Ghaeilge, atá in ainm a bheith mar phríomhtheanga an stáit seo, chun tosaigh” a dúirt Ó Donnghaile i ndiaidh an vóta. “Tá ar an Rialtas anois míniú a thabhairt, ní hamháin dúinne anseo san Oireachtas ach, do phobal na Gaeilge agus do phobal labhartha na Gaeilge fud fad an 26 contae, cén fáth nach bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeilge a bheith feiceálach agus curtha chun cinn sa saol anseo ó dheas.”

Dúirt Ó Donnghaile an tseachtain seo caite gur iarracht a bhí sna leasuithe “teacht timpeall ar locht mór a bhain le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) anuraidh, is é sin nár ligeadh d’aon phlé ar ról na Gaeilge sa ghnó nó cearta tomhaltóra phobal na Gaeilge”.

Fág freagra ar '‘Fearg agus díomá’ ar Sheanadóir gur dhiúltaigh an Rialtas an Ghaeilge a chur san áireamh i reachtaíocht cearta tomhaltóirí'