Fear óg ó Ghaoth Dobhair ceaptha mar láithreoir nua ar chlár nuachta TG4 do pháistí

Tá sé fógartha go mbeidh Joseph Mac Aoidh le feiceáil ón lá inniu ar aghaidh mar dhuine de láithreoirí an chláir nuachta Gaeilge do pháistí

Fear óg ó Ghaoth Dobhair ceaptha mar láithreoir nua ar chlár nuachta TG4 do pháistí

Fear óg as Gaoth Dobhair atá ceaptha mar láithreoir nua ar an gclár Nuacht Cúla4.

Tá sé fógartha go mbeidh Joseph Mac Aoidh le feiceáil ón lá inniu ar aghaidh mar dhuine de láithreoirí an chláir nuachta Gaeilge do pháistí a chraoltar ar TG4.

D’fhreastail Mac Aodidh, atá 23 bliain d’aois, ar Scoil Adhamhnáin Naofa agus ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair sula ndeachaigh sé go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sé céim amach sa dlí. Chaith sé sé mhí le RTÉ ar scéim taithí oibre anuraidh ag obair le Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.

Beidh Mac Aoidh i dteannta an láithreora Seán Ó Maoilchiaráin ar Nuacht Cúla4.

Nuacht Cúla4 á léiriú ag Fíbín Media do TG4. Seoladh Cúla4, an chéad chainéal Gaeilge do pháistí mí Mheán Fómhair seo caite.

Fág freagra ar 'Fear óg ó Ghaoth Dobhair ceaptha mar láithreoir nua ar chlár nuachta TG4 do pháistí'