Fear nádúir, fear fealsúnach agus cuideachtúil é Paddy na Meachain

Sa chlár faisnéise ‘Paddy na Meachain’ leanamar iarrachtaí Paddy Ó Fiannachta beach dhúchasach na hÉireann a chosaint

Fear nádúir, fear fealsúnach agus cuideachtúil é Paddy na Meachain

Tá a shaol caite ag Paddy Ó Fiannachta ar an bhfód dúchais i nDoire Bhanbh i gConamara. Tá nasc an-láidir aige leis an bhfód dúchais agus leis an gcréafóg agus le saothrú na talún. Fear mór nádúir é a bhfuil tuairim is tríocha bliain caite aige le plé le beacha dúchasacha na hÉireann. Sa chlár Paddy na Meachain (TG4) leanamar iarrachtaí an Fhiannachtaigh beach dhúchasach na hÉireann a chosaint ó ionradh na n-allúrach. Apis mellifera mellifera, faoi mar a deir an Laidin, an t-ainm atá ar mbeach seo ó cheart. Cuireadh abhaile orainn gur beag é tuiscint an phobail ar thábhacht na mbeach sa phróiseas pailnithe. Is beag ár dtuiscint chomh maith ar an mbagairt atá ann dóibh ó phór neamhdhúchasach.

Tá croí Paddy sna beacha agus chonaiceamar é ag tindeáil go cáiréiseach ar a chuid coirceog. Ní aire na huibhe go dtí é. Fágadh an grá seo don nádúr le huacht aige. Bhí an-suim ag a athair i ngarraíodóireacht agus crainnte. “Mura ndéanfaidh sibh an maith ná déanaigí an t-olc,” a deireadh sé lena chlann. É ag tathant orthu gan a bheith mímhúinte, ina spiadóirí nó ina ngadaithe.

Fágadh tréith an fhealsúnaí le Paddy chomh maith agus é ag maíomh go bhfuil níos mó faighte aige as an obair seo ó thaobh sláinte intinne ná mar atá allas na gcnámh silte aige. Ní raibh aon ghá le tráchtaire agus reacaire chomh deisbhéalach leis seo againn. Ionchur as Béarla a bhí againn ó bheachadóirí eile.

D’fhill Paddy arís is arís eile ar thábhacht an nádúir agus saothrú na talún go tuisceanach. Bhí sé iontach é a fheiscint ag tabhairt turais ar bhunscoil áitiúil leis na tuiscintí sin a sheachadadh chuig an gcéad ghlúin eile.

“Liúdramáin bhuí” a thugann Paddy ar na beacha coimhthíocha atá ag bagairt ar an mbeach dhúchasach; iad chomh cantalach go leanfadh siad isteach sa leaba thú.

Tá sé chomh buartha faoin gcontúirt a bhaineann leo don bheach dhúchasach gur shocraigh sé féin agus cara leis, John O’Halloran tearmann a chruthú don bheach dhúchasach ar Inis Bó Finne. Farraigí an oileáin á gcosaint ón ionradh; luadh go bhféadfaí, agus go mba cheart, a leithéid a dhéanamh ar oileáin eile. Ní beachadóir é John ach é meallta chuig an gcúram ag a chompánach. “Is ar éigean go bhfuilim in ann aire a thabhairt dom féin ní áirím beacha,” a deir sé linn ag tosach an aistir go seanbhlastúil.

Leanaimid oilithreacht na beirte; na coirceoga á dtabhairt go hInis Bó Finne, iad á neadú go cluthair, barrthuislí á mbaint astu ach ag éirí leo sa deireadh.

Fear meáchain, fear nádúir, fear fealsúnach agus cuideachtúil. Ba dheas a bheith ina chomhluadar tamall.

Fág freagra ar 'Fear nádúir, fear fealsúnach agus cuideachtúil é Paddy na Meachain'

  • jpmorley0@gmail.com

    B’fhiú do dhaoine a bhfuil spéis acu sna meacha (beacha) nó sa bheachadóireacht an leabhairín gleoite ‘Saol na mBeach’ le Máirtín Ó Corrbuí a cheannach ón Siopa Leabhar, BÁC. Fuineadh sár-chlár teilifíse as an ainmhí beag míorúilteach seo gan aon mhór is fiú ná buaileam sciath. Moladh nach beag tuilte ag ‘Aniar Tg4’.