Fathaigh na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCorn na gCuradh

Más le Cúige Laighean an lá a thabhairt leo inniu in aghaidh Toulouse i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh caithfidh siad Antoine Dupont a cheansú

Fathaigh na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCorn na gCuradh

Is cinnte gur buntáiste mór do Chúige Laighean cluiche leathcheannais na bliana seo i gCorn na gCuradh a bheith á imirt i Staid Aviva acu os comhair na mílte dá lucht leanúna glórach agus dílis.

Toradh é sin ar an sárchur chuige a chonaic muid uathu ó thús an chomórtais. Níor chaill siad oiread agus cluiche amháin fós. Ní hamháin gur éirigh le foireann Leo Cullen an lámh in uachtar a fháil ar chuile fhreasúra go dtí seo, d’éirigh leo pointe bónais a aimsiú i chuile chluiche freisin, rud a chinn ar aon fhoireann eile a dhéanamh. Ach is ansin a thagann deireadh le haon bhuntáiste atá ag na Laighnigh.

Más iad Cúige Laighean an fhoireann is láidre go dtí seo i gcomórtas na bliana seo níl aon dabht ann ach gurb iad freasúra an lae inniu, Toulouse na Fraince, an dara foireann is láidre ó thaobh taithí agus staire sa gcomórtas. Is iad Toulouse an t-aon fhoireann amháin a d’ardaigh an chraobh faoi chúig. In 2021 go deireadh a rinne siad sin. Bhuaigh Cúige Laighean an chraobh ceithre bhabhta go dtí seo, 2009, 2011, 2012 agus in 2018.

Tá Toulouse ag tabhairt foireann fhíorláidir, lán d’imreoirí le taithí idirnáisiúnta, tallann, scil, luas agus fisiciúlacht leo go Baile Átha Cliath inniu. Faoi stiúir Antoine Dupont, an leathchúl clibirte is fearr agus b’fhéidir an t-imreoir rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair, atá siad. Más le Cúige Laighean an lá a thabhairt leo inniu caithfidh siad Dupont a cheansú, rud nach mbeidh ró-éasca ar feadh ochtó nóiméad. Ní hamháin sin ach is ag Toulouse atá an ciceálaí is éifeachtaí ar domhan faoi láthair, Thomas Ramos. Íocfaidh Cúige Laighean go daor as aon bhotún nó cic éirice a thugann siad uathu. Cuir an bheirt sin leis an tionchar a bheas ag an bpaca ochtar imreoirí ollmhóra agus cumhachtacha atá ag Toulouse agus beadh léargas agat ar an dúshlán atá roimh Chúige Laighean agus gan fáil acu ar Johnny Sexton, Robbie Henshaw ná ar James Lowe inniu.

Sin é an dúshlán. Tá an freagra le fáil i bpaca Laighean agus sa líne chúil tosaithe sciobtha agus sciliúil atá acu. Beidh go leor ag brath freisin ar imirt Jamison Gibson-Park agus Ross Byrne sna leathchúil agus ar an gcaoi a láimhseálann siad Dupont agus Romain Ntamack. Caithfidh na hÉireannaigh cothromaíocht a aimsiú i measc na dtosaithe agus ag an am céanna caithfidh siad tionchar bhróg Ramos a choinneáil as an gcluiche. Má éiríonn leo sin a dhéanamh níl baol ar bith nach bhfuil na scileanna, an choisíocht agus an tallann ag Robbie Henshaw agus Garry Ringrose le bearnaí a aimsiú.

Ach is éasca a bheith ag caint!

Is cinnte go mbeidh cluiche rugbaí den scoth againn i Staid Aviva inniu agus aird an domhain ar an dá chlub rugbaí is fearr ar domhan ag tabhairt faoina chéile. Tá mise ag tuar bua, ar éigean, d’fhoireann an bhaile.

Amárach, tabharfaidh La Rochelle, foireann Ronan O’Gara agus curaidh an chomórtais ó anuraidh, faoi Exeter i La Rochelle. Is deacair tada eile seachas bua d’fhoireann an bhaile a thuar.

Fág freagra ar 'Fathaigh na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCorn na gCuradh'