‘Fan sa bhaile’ – rabhadh tugtha do dhaoine fanacht taobh istigh agus an stoirm ag teacht

Tá titim sneachta suas le 40cm á tuar inniu agus amárach agus foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’ i bhfeidhm ar fud na tíre go dtí 3pm amárach

‘Fan sa bhaile’ – rabhadh tugtha do dhaoine fanacht taobh istigh agus an stoirm ag teacht

Agus titim sneachta suas le 40cm á tuar inniu agus amárach, tá rabhadh tugtha do dhaoine a bheith ag an mbaile inniu faoi 4pm agus fanacht taobh istigh go dtí meán lae amárach.

D’eisigh Met Éireann foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’, an foláireamh is tromchúisí, do gach contae aréir. Tháinig an Stádas Dearg’ i bhfeidhm ar fud na tíre ag 11pm aréir agus mairfidh sé go dtí 3pm amárach. Táthar ag tuar go mbeidh gaoth ann agus luas suas le 110km san uair fuithí.

Deir Met Éireann go bhfuil baol do shabháilteacht daoine i ngach contae, go mbeidh sneachta ag síobadh ó dheas tráthnóna Déardaoin de bharr gaoth láidir anoir agus sneachta trom agus go leanfaidh sé mar sin go dtí maidin Dé hAoine, rud a fhágfaidh go mbeidh ráthanna sneachta in áiteanna go leor. Is iad na contaetha ar chosta an deiscirt agus an oirthir is measa a bheidh buailte.

Dúirt Seán Hogan an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála inné go raibh “teachtaireacht shoiléir” ag an ngrúpa –  “tá an stoirm ag teacht”.

Beidh scoileanna, institiúidí tríú leibhéal, siopaí agus gnóthaí dúnta ar feadh an lae inné agus rabhadh contúirte ‘dearg’ i bhfeidhm ar fud na tíre.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna aréir go mbeadh gach scoil agus institiúid triú leibhéal sa tír dúnta Déardaoin agus Dé hAoine agus tá oifigí rialtais agus poiblí, siopaí agus gnóthaí dúnta inniu agus a thuilleadh acu le dúnadh tráthnóna.

Tá seirbhísí Bus Átha Cliath and Bus Éireann ina lánstad agus tá stop á chur tráthnóna le seirbhísí Luas, DART agus Iaranród Éireann. Tá eitiltí curtha ar ceal chomh maith ag Aer Lingus agus Ryanair.

Dúirt Seán O’Neill, urlabhraí Bonneagar Iompar Éireann “nár cheart d’aon duine a bheith ar an mbóthar”.

Fág freagra ar '‘Fan sa bhaile’ – rabhadh tugtha do dhaoine fanacht taobh istigh agus an stoirm ag teacht'