‘Fan go dtí go dtiocfaidh Alzheimer ort féin!’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: chaill ár gcolúnaí guaim air féin in eachtra buile bóthair arbh é galar Alzheimer ba chúis léi

‘Fan go dtí go dtiocfaidh Alzheimer ort féin!’

Ní hionann agus lucht labhartha mhórchuid teangacha Ind-Eorpacha eile ní hiad na baill ghiniúna a bhíonn á gcaitheamh san aghaidh le daoine a bheidís ag iarraidh a mhaslú ag lucht labhartha na hÍsiltírise – mo theanga dhúchais féin – ach galair.

‘Go dtaga an eitinn/an calar/an tíofóideach/an ailse ort!’ An cineál sin ruda.

Chuimhnigh mé ar an bhfeiniméan sochtheangeolaíoch sin an lá cheana nuair a sciorr masla nuachumtha thar mo bheola féin.

Ba é an chaoi go raibh mé féin agus mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, ag fanacht ag solas tráchta ar ár gcuid rothar. Bhí muidne ann ar dtús ach ós rud é gur thóg sé tamall ar an dearg iompú ina uaine bhí roinnt mhaith rothaithe ag fanacht ar ár gcúl faoin am a raibh cead againn an crosbhóthar a thrasnú. I measc na ndaoine sin bhí fear sna seascaidí ar e-rothar.

Tá an ghráin shíoraí agam ar e-rothair ach ní hé sin ábhar an cholúin seo; meabhairshláinte othar Alzheimer agus na ndaoine a thugann aire dóibh a theastaíonn uaim a phlé. Sin, agus mallachtaí.

Tá galar Alzheimer ar mo mháthair ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir léi dul ag rothaíocht. Ach ar eagla na heagla is maith liom a bheith taobh léi i gcónaí, ise ar an taobh istigh, ionas go mbeidh cosaint éigin aici ón gcuid eile den trácht agus ionas go mbeidh mé in ann treoracha a thabhairt di.

Ar ndóigh, ní hamháin go bhfuil galar Alzheimer ar mo mham – tá sí 77 mbliana d’aois freisin. Ach ní hionann agus mórchuid aosach san Ísiltír, níl e-rothar aici. Ní raibh muid rósciobtha ag trasnú an chrosbhóthair, mar sin, agus chuir sé sin olc ar fhear an e-rothair, ba léir. 

‘As ucht Dé oraibh!’ a bhéic sé, tuin ar a chuid cainte a thug le fios go raibh sé ar a bhealach chuig cruinniú fíorthábhachtach éigin agus nár chóir do dhaoine eile a bheith ar an mbóthar.

Ní raibh neart agam orm féin; bhí mé tar éis dhá mhí go leith a chaitheamh ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil néaltrú uirthi agus níorbh aon dóithín sin.

Ní ‘a chuint!’ a scairt mé leis ná ‘cé thú féin anyways’ ach: ‘fan go dtí go dtiocfaidh Alzheimer ort féin!’

Agus ag an nóiméid sin, i lár na buile bóthair, bhí súil agam go dtiocfadh, dáiríre – ní hamháin sin ach go mbeadh timpiste thromchúiseach aige lena e-rothar lofa bréan ag an gcéad chrosbhóthar eile.

Níl sé sin go deas, a Alex, a deir tú. Galar uafásach é galar Alzheimer agus níor chóir duit é a ghuí ar éinne. Ná timpistí bóthair.

Nach maith atá a fhios agam? Galar uafásach é galar Alzheimer, ní don othar amháin ach do ghaolta an othair, leis. Go deimhin ba é sin go díreach an fáth go raibh mé sa riocht agus go nguífinn ar dhuine eile é.

Agus an bhuile bhóthair maolaithe rud beag chuir mé spéis sa ghné (shoch)theangeolaíoch den scéal. Níor chuala mé an mhallacht ‘Go dtaga Alzheimer ort!’ san Ísiltír riamh, d’ainneoin a choitianta is atá an galar. An é go bhfuil oiread eagla roimh chainteoirí na hÍsiltírise roimh an ngalar go bhfuil drogall orthu tagairt dó i maslaí?

Ní hea, a dúirt duine atá eolach ar na cúrsaí seo agus ar phléigh mé an scéal leis. Is é an chaoi go bhfuil an focal iasachta ‘Alzheimer’ (a thagann ón nGearmáinis) róchasta, lena thrí shiolla, an aifricéad ailbheolach gan ghuth /t͡s/ agus an défhoghair /aɪ/ nach bhfuil san Ísiltíris ó dhúchas. Agus ar ndóigh is é rud is measa a d’fhéadfadh tarlú duit agus tú ag iarraidh duine éigin a mhaslú ná go mbainfí tuisle as do theanga i lár an mhasla!

Fág freagra ar '‘Fan go dtí go dtiocfaidh Alzheimer ort féin!’'