FAISEAN: Ní féidir neamhaird a dhéanamh den ‘cold-shoulder’ faoi láthair!

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ar thóir rogha barréidí guaillí nochta atá go mór san fhaisean faoi láthair

FAISEAN: Ní féidir neamhaird a dhéanamh den ‘cold-shoulder’ faoi láthair!

I gcúrsaí faisin an lae inniu níl baint ar bith ag ‘cold-shoulder’ le neamhaird a dhéanamh de dhuine nó droim láimhe a thabhairt dóibh.  

Níl i gceist leis ach an stíl atá go mór chun cinn sa bhfaisean le tamall anuas – barréidí guaillí nochta. 

Ní féidir gan an stíl seo a thabhairt faoi deara ar shráideanna na gcathracha agus na mbailte móra anseo le tamall anuas. Na comhlachtaí móra faisin, Gucci, Balenciaga agus Thierry Mugler a thug an dearadh seo chun cinn in 2016 ach tá an t-éileamh chomh mór fós air gur cosúil nach bhfuil aon stopadh leis.

Ní haon rud nua, áfach, iad guaillí nochta i gcúrsaí faisin; bhíodar an-choitianta i dtús an 19ú haois. Ach le teacht chun cinn ghluaiseacht na mban agus an fheimineachais b’annamh a d’fheictí iad. Anois, ní féidir iad a sheachaint. 

Chuaigh mé ar thóir bailiúchán de ghúnaí agus de bharréidí guaillí nochta atá ar fáil go héasca faoi láthair agus seo chugaibh na 6 cinn is mó a thaitin liom.

Gúna ‘Off-shoulder’ ó Mango ar €19.95 

Gúna álainn simplí dubh a d’fhéadfaí a chaitheamh le bróga reatha agus seaicéad deinim le linn an lae nó le sála arda san oíche.

 Barréide ‘Cutwork Bardot’ ó Topshop ar €40.00

Barr iontach don samhradh – éadrom agus oiread dearadh air nach féidir a rá go bhfuil sé ró-phléineáilte.

 ‘Cold Shoulder Frill Trim’ a thugtar ar an mbarréide stríocach ghorm seo ó New Look ar €24.99

Tá na guaillí ar an gceann seo beagán ‘difriúil’ ach an-fhaiseanta agus thar a bheith feiliúnach d’aon chineál ócáid samhraidh.

Gúna stríocach ‘Off The Shoulder’ ó Dunnes Stores ar €15.00

Ar an bpraghas seo tá gúna beag álainn éadrom á fháil agat a bheadh iontach do lá ag an trá – sladmhargadh ceart ar €15.00

 Barréide ‘Off the Shoulder’ ó Zara €39.95

Tá ruifilí go mór sa bhfaisean fós agus leis na guaillí nochta sin, tá an ceann seo thar cionn ar fad ó cheann de na siopaí is fearr liom féin, Zara.

Blús ‘Off the Shoulder’ ó H&M ar €24.99

Seo rogha an-deas ó H&M a bhfuil cuachóga ar na muinchillí agus stríocaí gorma agus bána air. Seo ceann atá an-fheiliúnach go deo don tráth seo bliana.

Fág freagra ar 'FAISEAN: Ní féidir neamhaird a dhéanamh den ‘cold-shoulder’ faoi láthair!'

  • Mise Áine

    Is maith liom an stíl seo, ach ba mhaith liom í a fheiceáil ar mhainicíní nach bhfuil chomh caol le slat, am éigin, le léargas níos ginearálta a fháil, más féidir é.

    Nó, b’fhéidir go bhfuil na léitheoirí uilig níos tanaí ná mise, agus níos óige…