Fáilte curtha ag Ryan Tubridy roimh thuarascáil faoi íocaíochtaí conspóideacha

Deir tuarascáil Grant Thornton go bhfuil gach cosúlacht ar an scéal gur fhoilsigh RTÉ figiúirí míchruinne go poiblí le tabhairt le fios go raibh Tubridy ag fáil níos lú airgid ná mar a bhí

Fáilte curtha ag Ryan Tubridy roimh thuarascáil faoi íocaíochtaí conspóideacha

Dealraíonn sé gur athraigh RTÉ na figiúirí i dtaca le pá Ryan Tubridy chun an chuma a chur ar an scéal go raibh an craoltóir ag fáil níos lú ná €500,000 sa bhliain, a deirtear i dtuarascáil nua.

Deirtear i dtuarascáil Grant Thornton go raibh gach cosúlacht ar an scéal gur foilsíodh na figiúirí míchruinne go poiblí le tabhairt le fios go raibh Tubridy ag fáil níos lú airgid ná mar a bhí.

Rannóg airgeadais RTÉ ba chúis leis na figiúirí míchruinne a bheith foilsithe, a deirtear sa tuarascáil. Deimhnítear nach raibh aon bhaint ag Ryan Tubridy féin ná ag a ghníomhaire le mí-thuairisciú na bhfigiúirí.

Chuir Ryan Tubridy fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála.

“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil Grant Thornton inniu. Cuirim fáilte chomh maith roimh thorthaí na tuarascála a léiríonn nár éiligh mé táillí €120,000 a bhí ag dul chugam in 2020 agus nár aontaigh mé leis an tslí a bhí á moladh ag RTÉ chun an cinneadh a mhíniú.

“Táim tiomanta do mhuinín mo chomhghleacaithe agus mo lucht éisteachta a fháil ar ais agus tá súil agam má dhéantar scrúdú cothrom ar thorthaí na tuarascála seo go gcabhróidh sé liom sin a dhéanamh.”

Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur íoc RTÉ €150,000 breise le Tubridy mar chuid de mhargadh faoi obair bholscaireachta a dhéanamh do Renault.

Deir Ard-Stiúrthóir RTÉ Backhurst gur mhaith leis go n-íocfaí an t-airgead sin ar ais le RTÉ.

Tuairiscítear gur uair na cinniúna atá ann sna ceinteanna idir RTÉ agus Ryan Tubridy faoina fhilleadh ar an aer.

Tá cinneadh le déanamh an bhfillfidh Tubridy ar a chlár raidió a bhíonn ar siúl gach maidin RTÉ Radio 1.

Dúirt Kevin Bakhurst le déanaí go raibh práinn ag baint leis an gcinneadh sin agus go bhfógrófaí go luath é.

Baineann tuarascáil Grant Thornton le mí-thuairisciú na bhfigiúirí i dtaca le pá Tubridy idir 2017-2019.

Dúirt RTÉ gur €491,667 a fuair Tubridy in 2017, gur €495,000 a fuair sé in 2018 agus gur €495,000 a íocadh leis in 2019.

Ba í fírinne an scéil gur íocadh €511,667 leis in 2017, go bhfuair sé €545,000 in 2018 agus go bhfuair sé €545,000 in 2019.

Dúirt Cathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh gur drochtheist ar chúrsaí bainistíochta in RTÉ an méid a bhí sa tuarascáil. Léirigh sé go raibh an chumarsáid agus na próisis in RTÉ “lochtach”.

Idir an dá linn, léiríonn na figiúirí is déanaí go bhfuil laghdú suntasach eile tagtha ar theacht isteach RTÉ ón gceadúnas teilifíse agus €900,000 níos lú ag RTÉ don dara seachtain i mí Lúnasa i gcomparáid leis an tseachtain chéanna anuraidh.

Tá an teacht isteach ón gceadúnas laghdaithe beagnach €4.6 milliún ó thosaigh an chonspóid faoi íocaíochtaí a rinneadh le Tubridy.

€345,000 níos mó a íocadh le Tubridy idir 2017-2022 ná mar a tugadh le fios go poiblí.

Bhain €225,000 den airgead sin le trí íocaíocht bhliantúil €75,000 a fuair Tubridy as obair a bhí sé le déanamh mar aoi ag ócáidí poiblí do Renault. Mar chuid den mhargadh idir RTÉ, Renault agus an láithreoir, chinn RTÉ go seasfaidís an costas a bhain leis na táillí.

Sa chéad bhliain den mhargadh, thug RTÉ nóta sochair arbh fhiú €75,000 é do Renault a d’íoc Tubridy. Sa dá bhliain eile, nuair a d’éirigh Renault as an socrú, d’íoc RTÉ Tubridy as cuntas babhtála tráchtála a bhí acu.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Ryan Tubridy roimh thuarascáil faoi íocaíochtaí conspóideacha'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ceist atá fós ann nach bhfuil freagartha go sásúil go dtí seo ar aon nós isea, conas nár cheistigh Ryan Tubridy, ná Noel Kelly, ná iniúchóir príobháideach Tubridy (a chaithfidh go bhfuil aige) na figiúirí seo ag an am?